daoitheamhlacht
—ainm-fhocal, buineann
—
mí-oibliogáid; dúnárus; danracht; gan a bheith foscailteach ná bronntach; cheal oinigh; neamh-fhlaitheamhlacht; tuataighil.
+–
Tá an daoitheamhlacht ag imeacht leis ariamh. Ó, chonnaic mise a athair féin, agus ní thiubharfadh sé slaidín cairr do Mh. Th. D. a raibh an carr cliste air annseo thíos. Tháinic sé isteach aige, agus d'iarr sé ar son Dé air a thabhairt dhó, agus ní thiubharfadh sé saoradh ná séanadh dhó faoi. Scaoil sé amach aríst é, agus a dhá láimh cho fada le chéile
Is beag dhá chuid daoitheamhlacht' an méid sin. Chuaidh mé go bun-an-amhgair críochnuighthe leis ag iarraidh an bhudóigín a cheannacht uaidh, ach cho luath agus a chonnaic sé go raibh mé in a diaidh, d'eirigh sé as an margáil ar an bpuínte. Ba mhór leis dom í. Sin é an chaoi a mbíonn sé i gcomhnuí. Ní bhfuighidh aonduine tada uaidh
TUILLEADH (2) ▼
Cá bhfágfadh sé an daoitheamhlacht? Níor fhága sé slis ná dual di in a dhiaidh. 'Sé mac a athar ceart é. Ní hé a mhalrait é.
Is beag an luadh a bheadh aige na geanntrachaí a thabhairt dhom th'éis gur iarr mé air iad. Cé'n bhrigh ach ní leis féin iad. Sin geanntrachaí a bhí ag lucht an bhóthair agus choinnigh seisean iad an uair a bhí an oirnis thuas ann. Rinne sé a chuid féin dhíob. Dhá mbadh leis féin féin iad, nar dhaoitheamhail an chaoi dhó gan a dtabhairt do chomhursa — ní áirighim nach mba leis. Mhúinfeadh cuid de na daoine críonnacht duit, ach dheamhan a fhios agam an de'n chríonnacht an cheird sin ach oiread
daoitheamhlacht in iontrálacha eile (2)
Tabhair 'chuile shórt dó ach ná h-iarr tada air. Ní bhfuigheadh diaumhlach aon-cheo uaidh féin. Daoitheamhlacht de'n tsórt sin a bhain dó féin agus dá mhuintir roimhe. Ba a dhul in aghaidh dúthchais dóibh é, dá scaraidís le tada, ach 'chuile rud a bheith craptha isteach aca féin (chuca)
→
dúil
Chuaidh ag an dúil ar an daoitheamhlacht air má tá indán agus go ndeacha sé isteach go dtí cúntar teach ósta. 'Sé an chéad uair aige é déarfainn