Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deallra
/d′alḏrə/, /d′ālḏrə/, /ɡ′ālḏrə/
ainm-fhocal, fireann
1.
lonnradh, ruithneadh, snuadh, lasair, taithneamh, scartadh.
+
Tá deallra an óir in a cuid gruaige = dath, lonnradh (tá leagan mar sin an-choitianta is na h-amhráin .i. "agus deallra an óir ar fad in a gruaidh"; "Sí is gile deallra agus rl.", ach níl an focal an-tréan i gcaint anois)
Tá deallra ar an gcailín sin.
TUILLEADH (2) ▼
Is breagh deas an deallra atá uirre
Nach air atá an deallra breagh bail ó Dhia air
2.
préachadh le fuacht; seacaíl, reodh, crapadh leis an bhfuacht.
+
Thugadh sé sin deallra dhó fhéin 'chuile oíche, len a chuid ragairne agus óil. Leath na gcuarta 'sé'n chaoi a mbíodh sé sin caithte chois an bhóthair strumptha ag an ól agus ag an bhfuacht
Fuair tú deallra maith anois, agus má tá mise in a dhiaidh ort, castar leat é. Ní raibh guth ar bith siar annsin ort, ach níor bheo thú in a dheidh sin go dteightheá ann do do chailleadh féin
TUILLEADH (2) ▼
Well níl spré ar bith agad, má theigheann tú amach anocht, ag tabhairt deallra dhuit féin a leithide d'oíche. Is geall í an oíche anocht leis an oíche ar ith Ceile na bradáin
Deallra fuaicht a fuair sé agus níor thug sé aire ar bith dhó féin. Chuaidh sé in ainsil annsin air

Féach freisin

Deallra in iontrálacha eile (1)

 
fuacht
Bhí fuacht agus deallra ann inné = bhí fuacht agus deártan ann inné (fc. deallra, deártan)