Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deallradh
/d′alḏrə/, /d′ālḏrə/, /ɡ′ālḏrə/
ainmfhocal, fireann
1.
lonradh, ruithne, snua, lasair, taitneamh, scairteadh.
+
Tá deallradh an óir ina cuid gruaige — dath, lonradh. Tá leagan mar sin an-choitianta sna hamhráin .i. "agus deallradh an óir ar fad ina grua"; "'Sí is gile deallradh srl.", ach níl an focal an-tréan i gcaint anois
Tá deallradh ar an gcailín sin.
TUILLEADH (2) ▼
Is breá deas an deallradh atá uirthi
Nach air atá an deallradh breá bail ó Dhia air
2.
préachadh le fuacht; seacaíl, reo, crapadh leis an bhfuacht.
+
Thugadh sé sin deallradh dhó fhéin chuile oíche, lena chuid ragairne agus óil. Leath na gcuarta 'sé an chaoi a mbíodh sé sin caite chois an bhóthair stromptha ag an ól agus ag an bhfuacht
Fuair tú deallradh maith anois, agus má tá mise ina dhiaidh ort, castar leat é. Ní raibh guth ar bith siar ansin ort, ach níor bheo thú ina dhiaidh sin go dtéiteá ann do do chailleadh féin
TUILLEADH (2) ▼
Well níl spré ar bith agat, má théann tú amach anocht, ag tabhairt deallraidh dhuit féin a leithide d'oíche. Is geall í an oíche anocht leis an oíche ar ith Ceile na bradáin
Deallradh fuaicht a fuair sé agus níor thug sé aire ar bith dhó féin. Chuaigh sé in ainseal ansin air

Féach freisin