Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deannachtach
aidiacht.
a.
"mór"; gártha; cuaifeachaí agus sinneáin ann; scréachánta; gairbhshion ann; ráigeanna báistighe agus an-tsinneáin ghaoithe igcuideacht; stolladh mór gaoithe.
+
Lá deannachtach é; oíche dheannachtach; uair dheannachtach í
Tá sé deannachtach na laetheantaí seo
TUILLEADH (10) ▼
Seachtain dheannachtach ar fad a bhí innte — diabhal bréag nach h-eadh
An gcloiseann tú an sinneán sin. Is gearr uaidh ráig anois, dar príosta is oíche dheannachtach í. Tá an t-ádh in mo chaipín nach amuigh fúithe atá mé. Fhobair dhom a bheith scuabtha siar. Dá mbeinn badh leis an áit thiar anocht mé
Is deannachtach go deo an oíche í anois. Shílfeá go bhfuil scaltrachaí feoithin ann freisin. Is suarach an t-iongnadh agus cho gártha agus atá sí.
Chaith sé múr deannachtach aréir th'éis a dhul a chodladh dúinn: múr clocha sneachta. D'airigh mé ag clascairt ar na fuinneogaí iad. Diabhal a leithide de thormán!
Ba lá deannachtach é: flichshneachta as gaoth anoir agus sinneán ann a bhearrfadh thú. Shíl mé nach ndéanfainn aniar go bráth é. B'éigin dom a bhunáite a shiubhal. Dheamhan Goll Mac Móirne a chuirfeadh "bicycle" aniar in a h-aghaidh. Is mó an bhrath a bhí agam é a chaitheamh isteach tigh Ph. agus a theacht aniar dhá fhuireasbhaidh
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
Níl aimsir dá dheannachtaighe nach dteigheann currachthóirí na T. B. sin 'un fairrge. Tá siad in araidheacht é a bharruidheacht ar ghála ar bith. An lá nach dtiocfá síos 'na (chun an) chladaigh [ná] tada leis, bheidís amuigh an lá sin. 'Ar ndú níl currachthóirí ar bith in-chinneamhaint orra
Bíonn laetheanta na sean-bhó i gcomhnuí an-deannachtach. Is dóigh gurb í an aimsir is measa a thugas sé uaidh ins an mbliain iad. Agus dheamhan uair ins an mbliain ach oiread is mó cruadhóige ná iad. 'Sé lár an Earraigh ceart é agus níl goir ar bith ag duine giota de lá a leigean thairis, mar leigfeadh sé ins an samhradh nó ins an ngeimhreadh.
Níl múr ar bith is deannachtaighe ná an múirín gréine 'ar ndú. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leathtromach amach ins an samhradh. Bheadh ráig dheannachtach annseo, agus dheamhan agus móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fánaidh Cnoc Bh. lá. Tháinig sé in a bháistigh orm. Tabhair báisteach uirre: ní leigfeadh sí luch as poll na diabhal as Ifreann. Chuaidh mé ag tóruigheacht fascadh. Mo chreach an fascadh annsiúd. Ach mar sin féin shugh mé mé féin isteach in áit eicínt go leiginn tharm é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh inG. na B. Leathnuigh m'amharc orm. An uair ba déine a bhí sé ag cur ins an áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach in a scaladh gréine, th'éis gur gearr ó'n a chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaoghal sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaighe ná a chonnaic mé an lá sin
Ní chaitheann sé snig bháistighe amach ins na réigiúin sin ó bhliain go bliain ach an uair a dhéanas sé í, déanann sé go deannachtach í. Chuala mé mac Ph. Sh. a bhí in Ástraoille ag rádh go bhfuil áiteacha annsin nar facthas aon-deoir bháistighe ariamh. Tagann daoine ar an saoghal agus faghann siad bás — agus b'fhéidir saoghal maith féin a fháil — gan aon-mhúr báistighe a fheiceál. Is aisteach an chaoi a bhfuil cuid de na tíorthachaí bíodh a fhios agad
b.
+
Thug sé griosáil dheannachtach dhó agus ba mhaith an aghaidh air é freisin — ba mhaith sin
Má theigheann sé do do bhualadh tiubharfaidh sé liúradh deannachtach duit agus ní mór liomsa duit. Breagh nach leigeann tú de do chuid spochadh leis. Ní bheitheá beo gan a bheith ag spochadh le duine eicínt
TUILLEADH (1) ▼
Thug sé lascadh deannachtach dom leis an gcána. Cé'n bhrigh ach ní mé a rinne chor ar bith é ach M. Ch., ach ormsa a h-ídigheadh é

deannachtach in iontrálacha eile (6)

 
Má's leatsa fear a fháil nach bhfuil daor-bhasctha in a churrachóir, gabh siar annsin thiar i S. agus fágh T. Th. Sin é an currachóir agad. Chonnaic mé ag seasamh amuigh ar an meath mhóir ar fhaidhtíní é, lá a raibh scoilb dhá gcur idtighthe istigh annseo: lá a raibh sé ag séideadh aniar aduaidh. Tabhair lá deannachtach air. Níor chorruigh sé go trathnóna. Dheamhan an trólar a dhéanfadh na fairrgí a bhí ann a bharruidheacht — dheamhan é muis
 
déan 1
Déanfaidh sí oíche dheannachtach, déanfaidh sin. Is gearr uaidh sinneán eile
 
díle 1
Tá a fhios agad go maith go mba deannachtach an ráig í, agus go raibh mé ag breathnú amach ar an turloch siúd agus na gasúir ag bualadh báire ann ar maidin. Trathnóna tháinic muintir Ch. anall thar an abhainn go dtí béal an doruis, ins an teach a raibh mé, imbád. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan bhí sé cho dona … Síleann tú gur ag cumadh atá mé. Dar mo choinsias muis ní h-eadh. Sin í lom-chlár na fírinne duit, cho maith agus dhá gcloistheá amach ó bhéal an tsagairt é. Fiafruigh de J. Mc G. é, an chéad uair eile a thiocfas sé ar cuairt
 
droim
Tá druim na dúirlinne uiliog réabtha de bharr taoille na h-oíche aréir. Ba deannachtach an oíche í (Druim an dúirlinne = strapadh árd a bhíos ar dhúirlinn in aice a bharr)
 
Sé nádúr na h-aimsire a bheith deannachtach anois agus gurb í dubhluachair na bliana atá ann
 
dún
Dúnaighidh an chruach sin aríst an uair a bhéas sib réidh innte. Marach cho mór agus a tháinic an lá agus nach bhfuil sé in araidheacht a dhul amach cho fada le na dubhacháin atá ar na portaigh, ní bhfuigheadh sib cead a bearnú chor ar bith. Ach is lá deannachtach dháiríre é