Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deannachtach
aidiacht
 "mór"; gártha; cuaifeachaí agus soinneáin ann; scréachanta; gairfean ann; ráigeanna báistí agus an-tsoinneáin ghaoithe i gcuideacht; stolladh mór gaoithe.
a.
+
Lá deannachtach é; oíche dheannachtach; uair dheannachtach í
Tá sé deannachtach na laethantaí seo
TUILLEADH (10) ▼
Seachtain dheannachtach ar fad a bhí inti — diabhal bréag nach ea
An gcloiseann tú an soinneán sin. Is gearr uaidh ráig anois, dar príosta is oíche dheannachtach í. Tá an t-ádh in mo chaipín nach amuigh fúithi atá mé. Fhóbair dhom a bheith scuabtha siar. Dá mbeinn, ba leis an áit thiar anocht mé
Is deannachtach go deo an oíche í anois. Shílfeá go bhfuil scaltrachaí feothain ann freisin. Is suarach an t-ionadh agus chomh gártha agus atá sí
Chaith sé múr deannachtach aréir théis a dhul a chodladh dúinn: múr clocha sneachta. D'airigh mé ag clascairt ar na fuinneogaí iad. Diabhal a leithide de thormán!
Ba lá deannachtach é: flichshneachta as gaoth anoir agus soinneán ann a bhearrfadh thú. Shíl mé nach ndéanfainn aniar go brách é. B'éigean dom a bhunáite a shiúl. Dheamhan Goll Mac Móirne a chuirfeadh bicycle aniar ina haghaidh. Is mó an bhrath a bhí agam é a chaitheamh isteach tigh Ph. agus a theacht aniar dhá uireasa
Lá de na laethanta deannachtacha sin i dtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na seanbhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarraí Mh. G. Ar éigean saoil a bhí mé in ann seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shantaigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst nuair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige, go mbaininn scaitheamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé cara chainte orm. 'Cá'il tú ag dul,' adeirim féin. 'Síos ar snámh,' adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach nárbh ea. Ní raibh sé seachtain ón lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighe (sa ngealtlann)
Níl aimsir dá dheannachtaí nach dtéann curachóirí na T. B. sin chun farraige. Tá siad in araíocht é a bharraíocht ar ghála ar bith. An lá nach dtiocfá síos 'na chladaigh, ná tada leis, bheidís amuigh an lá sin. Ar ndóigh níl curachóirí ar bith inchinniúint orthu
Bíonn laethanta na seanbhó i gcónaí an-deannachtach. Is dóigh gurb í an aimsir is measa a thugas sé uaidh sa mbliain iad. Agus dheamhan uair sa mbliain ach oiread is mó cruóige ná iad. 'Sé lár an earraigh ceart é agus níl gair ar bith ag duine giota de lá a ligean thairis, mar ligfeadh sé sa samhradh nó sa ngeimhreadh
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscadh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin
Ní chaitheann sé snig bháistí amach sna réigiúin sin ó bhliain go bliain ach nuair a dhéanas sé í, déanann sé go deannachtach í. Chuala mé mac Ph. Sh. a bhí in Australia ag rá go bhfuil áiteacha ansin nár facthas aon deoir bháistí ariamh. Tagann daoine ar an saol agus faigheann siad bás — agus b'fhéidir saol maith féin a fháil — gan aon mhúr báistí a fheiceáil. Is aisteach an chaoi a bhfuil cuid de na tíorthachaí bíodh a fhios agat
b.
+
Thug sé greasáil dheannachtach dhó agus ba mhaith an oidhe air é freisin — ba mhaith sin
Má théann sé do do bhualadh tabharfaidh sé liúradh deannachtach duit agus ní mór liomsa duit. Breá nach ligeann tú de do chuid spochadh leis. Ní bheifeá beo gan a bheith ag spochadh le duine eicínt
TUILLEADH (1) ▼
Thug sé lascadh deannachtach dom leis an gcána. Cén bhrí ach ní mé a rinne chor ar bith é ach M. Ch., ach ormsa a hídíodh é

deannachtach in iontrálacha eile (10)

 
Más leatsa fear a fháil nach bhfuil daorbhasctha ina churachóir, gabh siar ansin thiar i S. agus faigh T. Th. Sin é an curachóir agat. Chonaic mé ag seasamh amuigh ar an meath mhóir ar fhaoitíní é, lá a raibh scoilb dhá gcur i dtithe istigh anseo: lá a raibh sé ag séideadh aniar aduaidh. Tabhair lá deannachtach air. Níor chorraigh sé go tráthnóna. Dheamhan an trólar a dhéanfadh na farraigí a bhí ann a bharraíocht — dheamhan é muis
 
dealbh 2
Níl aon tSatharn dhár dhealbh an ghrian nach dtéadh sí G. an fhad is a mhair sí. Ní raibh lá dhá dheannachtaí in ann a coinneáil istigh. Is minic a chonaic mé ag teacht abhaile tráthnóna í, agus an sruth as a cuid éadaigh. Dheamhan ruaig shlaghdáin a tholg sí ariamh as ina dhiaidh sin. Bhí an follántas mór ag imeacht leo sin ar fad
 
déan 1
Déanfaidh sí oíche dheannachtach, déanfaidh sin. Is gearr uaidh soinneán eile
 
Dhá dheannachtaí dá dtiocfaidh an lá, bíonn foscadh eicínt ar na bóithrí seo, ach tá na bóithrí siar an-díbeartha críochnaithe. Ní bheadh a fhios agat dhá dtéiteá ar bhicycle san oíche ann nach amach i ndiaidh do mhullaigh i bhfeadán a chuirfí tú. Fuair mise mo dhóthain díobh
 
díle 1
Tá a fhios agat go maith go mba deannachtach an ráig í agus go raibh mé ag breathnú amach ar an turlach siúd agus na gasúir ag bualadh báire ann ar maidin. Tráthnóna tháinig muintir Ch. anall thar an abhainn go dtí béal an dorais sa teach a raibh mé i mbád. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan bhí sé chomh dona … Síleann tú gur ag cumadh atá mé. Dar mo choinsias muis, ní hea. Sin í lomchlár na fírinne duit, chomh maith agus dhá gcloistheá amach ó bhéal an tsagairt é. Fiafraigh de J. Mc G. é an chéad uair eile a thiocfas sé ar cuairt
 
Dhá mbeadh an bóthar chomh doicheallach anois agus atá na clagfharraigí atá thart faoin gCeann, ní fhéadfaidh muid loiceadh anois. Seo linn anois! Dhá dheannachtaí dhá bhfuil an bealach, bainfidh muid ceart dó (dhe) le cúnamh Dé. Rinne mise é oícheanta níos measa
 
Bhí an t-athair an-doscúch leis an gclann. Ní raibh gair acu fanacht amuigh ón bpaidrín nach mbeadh bolta ar an doras rompu aige. Ruaigfeadh sé amach ag obair iad an lá is deannachtaí a shéidfeadh as aer. Bhí a shliocht air: d'fhága siad ansin é. Ní fhanfadh an deoraí féin acu ina bhail
 
droim
Tá droim na duirlinge uileag réabtha de bharr taoille na hoíche aréir. Ba deannachtach an oíche í (droim an duirlinge: strapadh ard a bhíos ar dhuirling in aice a bharr)
 
'Sé nádúr na haimsire a bheith deannachtach anois agus gurb í dubhluachair na bliana atá ann
 
dún
Dúnaidh an chruach sin aríst nuair a bheas sibh réidh inti. Murach chomh mór agus a tháinig an lá, agus nach bhfuil sé in araíocht a dhul amach chomh fada le na dúcháin atá ar na portaigh, ní bhfaigheadh sibh cead a bearnú chor ar bith. Ach is lá deannachtach dháiríre é