Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dearbhtha
aidiacht nó aidiacht bhriathar
rí-chinnte; an-chinnte amach agus amach; gan aon-aimhreas; gan goir a bhréagnú.
+
Níl fear ar bith is dearbhtha dhuit a dhul dhá iarraidh air ná S. = beidh sé ag S. go cinnte
Níl bean ar bith is dearbhtha dhó a iarraidh ná an bhean atá imbéal an dorais aige féin. Gheobhaidh sé í sin, ach m'anam go mbeidh tóraidheacht air shul a gheobhas sé a leithide eile
TUILLEADH (2) ▼
Sílim nach bhfuil fear ar bith is dearbhtha dhom a dhul dhá líonadh aige (páipéar) ná an sagart. Maidir le na máistirí scoile sin bíonn pus orra leath na gcuarta má iarrtar tada orra.
Níl áit ar bith is dearbhtha dhuit a dhul ag iarraidh fataí anois ná siar do'n C. Dh. Tá fataí go barr bachall aca fós, má's mian leo scaradh leo. Dheamhan a n-eiteochadh M. thú, ná faoi chuid is mó ná sin
·
Tá mé dearbhtha = freagra ar: "An bhfuil tú siúráilte, cinnte" agus rl.
Tá mé dearbhtha dhe. Nach bhfaca mé dhá thabhairt as é
+
Go dearbhtha tá! (nó tá go dearbhtha) = freagra ar "An bhfuil sin amhlaidh". agus rl.
Go dearbhtha chuaidh! Nach bhfaca mé féin é ag dul isteach ann
TUILLEADH (1) ▼
Go dearbhtha rinne! Nach bhfaca mé dhá dhéanamh é. Cé'n chaint sin ort?
+
Go deimhin agus go dearbhtha is beag an dochar dhuit náire a bheith ort, ach níl a fhios agad céard í, ná tada dhá shórt = cuirtear an dá fhocal le chéile mar sin leis an gcaint a neartú
Go deimhin agus go dearbhtha duit is dona an fear le pósadh é. Níl sé ann níos measa
TUILLEADH (1) ▼
Go dearbhtha féin muis, níl aon-fhata ag gabhail linn, nach bhfuil scállta. Rinne an sioc seo slad

Dearbhtha in iontrálacha eile (10)

 
Leag sí anuas daigéad de cháca in a láthair, agus go deimhin agus go dearbhtha duit a mhic Uí Fh., dá n-ithteá ceathramha dhe, bheitheá sáthach go ceann trí lá. Ó dheamhan an oiread agus a bhuailfeá ar shúil dreoilín a d'fhan d'fhuighleach uaidh. Agus déarfaidh an craosánach sin in a dheidh sin nach bhfuil sé ag caitheamh tada
 
dealbh 2
Ní dhéanann sé nídh dhár dhealbh an ghrian anois, ach gróigthe ar an sconnsa beag údaidh, ag cur carra chainte ar an bhfear anoir agus ar an bhfear aniar. Go deimhin 's go dearbhtha, is aige atá saoghal an duine uasail
+
Go deimhin agus go dearbhtha, tá sé in am agad a thiacht
TUILLEADH (2) ▼
Go deimhin agus go dearbhtha dhuit, níl a fhios agam céard is cor dó chor ar bith
Go deimhin agus go dearbhtha dhuit, ba deas an feic é ag teacht aniar dhó
 
deis
Go deimhin agus go dearbhtha duit, is olc é mo dheis mharcaigheachta: sean-"bhicycle" ó'n díle a bhí caithte thuas ar lota an sciobóil, agus a dheasuigh muid an lá cheana. Níl ann ach gur fearr é ná a bheith gan tada
 
Tá an talamh siúd in a dhiomallachaí as béal éadain anois. An-talamh a bhí annsin agus 'chuile fhód dhó saothruighthe, ach níor choinnigh seisean aon-chaoi air. Go deimhin agus go dearbhtha dhuit, ní talmhaidhe é
 
Ná tabhair d'fhaisean duit féin mar sin a phutacháin a bheith ag drad-gháire nó greamóchaidh sé dhuit! Dhá bhfeictheá tú féin anois. Go deimhin agus go dearbhtha is breagh dathamhail í do cheannaghaidh!
 
Déanfaidh sé dubhachan mar a ghníos sé féin, ach go deimhin is go dearbhtha is maoilscríobach an cur a thugas sé orra (fataí). 'Ar ndú' sin é a bhfuil uaidh. Fear fánaighe ar bith a dhéanfas dubhachan mór dó, beidh sé molta aige. Chonnaic mé annsiúd thíos anuiridh é, agus bhí leath na síolta leis. Dheamhan clúdú a thug sé ar a leath ariamh. Is furasta dubhachan a dhéanamh ar an gcaoi sin: rith orra
 
Níl tada ag dul duit, nó má tá 'sé cuid an bheagáin é. Níor chuir tú pighinn ar bith amach ó shuidh muid ag clár anocht. Agus go deimhin agus go dearbhtha ní mórán conganta a thug tú dhuinn le na cártaí