Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dearfa
aidiacht nó aidiacht bhriathartha
ríchinnte; an-chinnte amach is amach; gan aon amhras; gan gair a bhréagnú.
+
Níl fear ar bith is dearfa dhuit a dhul dhá iarraidh air ná S. — beidh sé ag S. go cinnte
Níl bean ar bith is dearfa dhó a iarraidh ná an bhean atá i mbéal an dorais aige féin. Gheobhaidh sé í sin, ach m'anam go mbeidh tóraíocht air shula gheobhas sé a leithide eile
TUILLEADH (2) ▼
Sílim nach bhfuil fear ar bith is dearfa dhom a dhul dhá líonadh aige (páipéar) ná an sagart. Maidir le na máistrí scoile sin, bíonn pus orthu leath na gcuarta má iarrtar tada orthu
Níl áit ar bith is dearfa dhuit a dhul ag iarraidh fataí anois ná siar don C. Dh. Tá fataí go barr bachall acu fós, más mian leo scaradh leo. Dheamhan a n-eiteodh M. thú, ná faoi chuid is mó ná sin
·
Tá mé dearfa — freagra ar an bhfuil tú siúráilte, cinnte srl.
Tá mé dearfa dhe. Nach bhfaca mé dhá thabhairt as é
+
Go dearfa tá! (nó tá go dearfa) — freagra ar an bhfuil sin amhlaidh srl.
Go dearfa chuaigh! Nach bhfaca mé féin é ag dul isteach ann
TUILLEADH (1) ▼
Go dearfa rinne! Nach bhfaca mé dhá dhéanamh é. Cén chaint sin ort?
+
Go deimhin agus go dearfa, is beag an dochar dhuit náire a bheith ort, ach níl a fhios agat céard í, ná tada dhá shórt — cuirtear an dá fhocal le chéile mar sin leis an gcaint a neartú
Go deimhin agus go dearfa duit, is dona an fear le pósadh é. Níl sé ann níos measa
TUILLEADH (1) ▼
Go dearfa féin muis, níl aon fhata ag gabháil linn nach bhfuil scallta. Rinne an sioc seo slad

dearfa in iontrálacha eile (14)

 
Go deimhin agus go dearfa thug sé freagra slachtmhar orm!
 
failic
Má thugann tú an t-airgead dó sin, déanfaidh sé failic air. Níl duine ar bith is dearfa dhuit a thabhairt dó na do Ph. Mise i mbannaí nach gcaithfidh sé sin é
 
fosaí
Chuir mé an t-ógánach seo ag fosaíocht ag an gcladach inniu ach go deimhin agus go dearfa, is olc an fosaí é. Lig sé na beithígh aniar thar an gclaí sa gcoirce agus é féin ag rith i ndiaidh coiníní. Go deimhin theastódh na claíochaí siúd a bhiorú. Dhá mbeidís bioraithe, ní iarrfaí a ghnaithe air
 
folach 2
Deir sí nach féidir léithe folach a cinn de hata a fháil in áit ar bith. Tá an-bhuimbiléad de chloigeann uirthi go dearfa, bail agus beannú uirthi!
 
Leag sí anuas daigéad de cháca ina láthair, agus go deimhin agus go dearfa duit a Mhic Uí Fh., dá n-iteá ceathrú dhe, bheifeá sách go ceann trí lá. Ó dheamhan an oiread is a bhuailfeá ar shúil dreoilín a d'fhan d'fhuílleach uaidh. Agus déarfaidh an craosánach sin ina dhiaidh sin nach bhfuil sé ag caitheamh tada
 
dealbh 2
Ní dhéanann sé ní dhár dhealbh an ghrian anois, ach gróigthe ar an sconsa beag údaí, ag cur cara chainte ar an bhfear anoir agus ar an bhfear aniar. Go deimhin is go dearfa, is aige atá saol an duine uasail
+
Go deimhin agus go dearfa, tá sé in am agat a theacht
TUILLEADH (2) ▼
Go deimhin agus go dearfa dhuit, níl a fhios agam céard is cor dó chor ar bith
Go deimhin agus go dearfa dhuit, ba deas an feic é ag teacht aniar dhó
 
deis
Go deimhin agus go dearfa duit, is olc é mo dheis mharcaíochta: seanbhicycle ón díle a bhí caite thuas ar lota an sciobóil, agus a dheasaigh muid an lá cheana. Níl ann ach gur fearr é ná a bheith gan tada
 
Tá an talamh siúd ina dhiomalachaí as béal éadain anois. An-talamh a bhí ansin agus chuile fhód dhó saothraithe, ach níor choinnigh seisean aon chaoi air. Go deimhin agus go dearfa dhuit, ní talmhaí é
 
Ná tabhair d'fhaisean duit féin mar sin a phutacháin, a bheith ag dradgháire, nó greamóidh sé dhuit! Dhá bhfeictheá tú féin anois. Go deimhin agus go dearfa, is breá dathúil í do cheannaghaidh!
 
Déanfaidh sé dúchan mar a ghníos sé féin, ach go deimhin is go dearfa is maolscríobach an cur a thugas sé orthu (fataí). Ar ndóigh sin é a bhfuil uaidh. Fear fánaí ar bith a dhéanfas dúchan mór dó, beidh sé molta aige. Chonaic mé ansiúd thíos anuraidh é, agus bhí leath na síolta leis. Dheamhan clúdú a thug sé ar a leath ariamh. Is furasta dúchan a dhéanamh ar an gcaoi sin: rith orthu
 
Níl tada ag dul duit, nó má tá, 'sé cuid an bheagáin é. Níor chuir tú pínn ar bith amach ó shuigh muid ag clár anocht. Agus go deimhin agus go dearfa, ní mórán cúnta a thug tú dhúinn le na cártaí