Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dioscán
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach — dioscáin
seala, plód, glac, scata, roint, ceanna, riar, bulc, baiscín.
+
Bhí dioscán maith daoine ann, pé'r bith cé'rb as a dtáinic siad
Chonnaic mé dioscán beithidheach ag dul suas bóithrín an bhaile se'agaibh-se aréir. Cé leis iad?
TUILLEADH (8) ▼
Shílfeá go bhfuil dioscán breagh caorach aige anois. Diabhal mé go bhfuil. Is fear é a bhfuil an saoghal ag feithiú leis go maith le fada, chonách sin air
D'eirigh dioscán maith de na runnachaí leo indé, bail ó Dhia orra! Bhí an-mharbhú orra, chuala mé. Ní raibh ort ach caitheamh amach agus bheadh plíoma agad ar ala na h-uaire.
Tá dioscán maith sicíní aice má's léithe féin ar fad iad, ach b'fhéidir gur leo thrín a chéile iad. Dheamhan a fhios agam
Cé mhéad a chuaidh an dioscán uan siúd a bhí thoir aige lá an aonaigh. Ba bhreagh na luadháin iad. Is mór an t-airgead a ghabhfaidís bliain go h-am seo
Rinne dioscán buláin le S. Ph. Mh. foghail air annseo an bhliain cheana. Ba bheag aca a bhí ann déarfainn, ach má ba bheag mór é, soir leis de mhaol a mhainge gur fhuagair sé do na póilíos é. Sin é an fear atá géar faoi fhoghail. Agus cuid 'chuile dhuine foghluighthe aige féin. Ach bíonn daoine ann mar sin
Thug sé dioscán mór éisc as Gaillimh leis. Diabhal bréag nach dtug. Bhí tóir ar an annlann ariamh féin aige. Ní bheidh an turaidheacht aige nó is cinneamhaint air é
Dhíol sé dioscán mór turkeys i mbliana, agus má dhíol féin, dheamhan mórán a bhí dhá mbarr aige déarfainn. Bhí an-dola air dhá mbeathú.
Ba bheag an dioscáinín a bhí ar a shochraíde, aindeoin gur dhligh 'chuile dhuine ins an tír sochraíde dhó. Ach sin é an chaoi
+
Fear as an dioscán atá indon an rud sin a dhéanamh = fear ins an gcéad; duine sé nó seachráin
Ná bac le bean cheart a fháil anois! Bean as an dioscán atá ceart. Feiceann tú féin a gcuid cóirí catha agus a gcuid cluanuidheacht' cho maith liomsa. Meastú nach deacair a mbarruidheacht
TUILLEADH (8) ▼
Duine as an dioscán a bhfuil a fhios aice céard a bhaineas do thúirne anois. Dheamhan triúr ban óg in do thír a rug ar chárla ariamh, ná a bhfuil a fhios agamsa a n-aithneochaidís cárla dá síntí chuca é
Póilí as an dioscán a bhfeicfidh tusa aon-mhaith leis. Bíonn siad fhéin ag faire ar a chéile, agus an té aca a leigfeadh thairis thú ní leigfeadh an faitíos dó, mar b'fhéidir gurb é an chaoi a mbeadh ceann eile ag faire air fhéin
Sagart as an dioscán anois a bhfuil aon-laetheamhlacht ann mar 'bhíodh ins na sagairt fadó. Tá an saoghal ro-mhór ar a gcomhairle féin aca agus fuigheall na bhfuigheall aca anois. Fadó bhídís bocht agus croidheamhail, ach tá imní faoin a gcuid saidhbhris orra, ar an saoghal seo
Saighdiúr as an dioscán nach mbíonn in a scaibhtéara. Agamsa atá a fhios é, mar bhí mé ionnta. Bíonn an iomarca meirse orra le bheith ar a mhalrait
Duine as an dioscán a bhfuil sé mór leis, ach an té a bhfuil dhéanfadh sé soilgheas ar bith faoi'n ngréin ghil dhó. Ach ar an gcóir céadna an té nach dtaithnigheann leis, is beag 'e chúntanás a bhéas aige leis. D'ionnsóchadh sé é ar ionntú an tsuip
Ní fiú biorán duine as an dioscán, mara bhfuil ann ach sin. Ach chuala mé go raibh díthchreideamh ar na h-Éireannaigh uiliog atá i Sasana. Deir cuid de'n dream a theagas nach mbíonn siad mí ann, an uair nach dtaobhuigheann siad Aifreann ná Ord.
Ní bhfuightheá duine as an dioscán anois atá indon mata a dhéanamh th'éis a liachtaí ceann agus a d'fheicfeá fadó. Go ndéanaidh Dia grásta ar Mh. Bh! B'ait uaidh a ndéanamh. "Dual beag agus dual mór" adeireadh sé. Níor luaghar leis an sioc ná duine ar bith a bheith ag míoladóireacht tímpeall air, an uair a bheadh sé leis (leis an mata)
Is gearr ó nach raibh duine as an dioscán indon siubhal cho fada leis an ngort, ach tá siad bainte as a gcleachta le cupla bliain — tá sin. Má fhaghann siad cupla bliain eile de, diabhal mé go mbeidh na cosa sáthach acluidhe aca aríst

Féach freisin

dioscán in iontrálacha eile (2)

 
droim
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith ins an tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir druim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. An uair a thosuigh sé siúd ag scaimhléaracht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor leig an faitíos d'aonduine gan a chomhairle a dhéanamh mar a mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann, go díreach. Ach duine ar an dioscán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsubháilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
 
duine
Duine as an dioscán a bhfuil ceann aca sin aige (fc. dioscán)