Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deimheasóiridhe
ainm-fhocal, fireann as deimheas
duine géar gearabalach; sciolladóir, ropaire, duine atá i gcomhnaí ag iarraidh brabach a fháil ar do chuid cainte; duine a mbíonn goin achrainn i gcomhnaí air; cantalóir, drisín.
+
Deimheasóiridhe maith í sin. Ná déan níos aoirde léithe ná beannú di 'san mbóthar. Sin é do dhíol
Tá sé annsiúd in a dheimheasóiridhe 'san gclúid, agus ní chuirfidh duine focal as a bhéal, nach bhfuighidh sé brabach air. Dar fiadh muise is beag an acmhuinn atá aige féin: is furasta leis gáiridhe a dhéanamh faoi'n té údan eile, ach feiceamuist déanadh aonduine aon-gháiridhe faoi fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé féin go lághach síodamhail, ach go deimhin 'séard atá 'san mbean atá aige deimheasóiridhe de ropaire. Nach bhfeiceann tú ag imeacht annsin í agus gob uirre

Féach freisin