Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deimheasóirí
ainmfhocal, fireann as deimheas
duine géar gearblach; sciolladóir, ropaire, duine atá i gcónaí ag iarraidh brabach a fháil ar do chuid cainte; duine a mbíonn goin achrainn i gcónaí air; cantalóir, drisín.
+
Deimheasóirí maith í sin. Ná déan níos airde léithe ná beannú di sa mbóthar. Sin é do dhíol
Tá sé ansiúd ina dheimheasóirí sa gclúid, agus ní chuirfidh duine focal as a bhéal, nach bhfaighidh sé brabach air. Dar fia muise is beag an acmhainn atá aige féin: is furasta leis gáirí a dhéanamh faoin té údan eile, ach feiceamuist déanadh aon duine aon gháirí faoi fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé féin go lách síodúil, ach go deimhin séard atá sa mbean atá aige deimheasóirí de ropaire. Nach bhfeiceann tú ag imeacht ansin í agus gob uirthi

Féach freisin