Deimhin
—/d′iv′in′/
—is an leagan "go deimhin" amháin. Fágtar an "go" ar lár go minic. "'Deimhin ní dhéanfaidh sé mórán agus rl.
1.
go dearbhtha; go cinnte, go siúráilte; gan aon-aimhreas; gan bhréig; gan baoghal ar bith.
+–
Go deimhin ní dhéanfaidh sé mórán nó is cinnt air é
'Deimhin is beag an bheánn atá agam air
TUILLEADH (6) ▼
Go deimhin ba chóra dhó ciall a bheith aige agus gan a bheith ag imeacht ar an gcaoi sin!
Go deimhin bhuail! Chonnaic mé é dhá bhualadh
'Deimhin muise tá! Is agamsa is fhearr a fhios
Go deimhin muis, tá sé in am agad anois
'Deimhin tá a mh'anam, agus go h-árd as cionn na trí scóir
'Deimhin bhain muis. Chonnaic mé dhá baint é
+–
Dar go deimhin ní dhéanfad!
Dar go deimhin muis, is deas an buachaill siopa a dhéanfadh sé
TUILLEADH (1) ▼
Dar go deimhin ní fhaca mé a leithide ariamh
+–
Go deimhin fhéin, is beag an dochar duit náire a bheith ort ag imeacht mar sin!
Go deimhin féin dhá mbadh duine de'n tsórt sin mé, is fadó a d'fhéadfainn é a bheith déanta agam
TUILLEADH (1) ▼
Go deimhin féin is mór a d'ól sé ariamh agus is dona a chuaidh sé dhó
+–
Go deimhin dhuit tá caint aige
Go deimhin duit, is gránna an cheird atá air!
TUILLEADH (1) ▼
Go deimhin duit ba chóra dhó smiaróid (sméaróid) chéille eicínt a bheith aige feasta choidhchin
+–
Go deimhin agus go dearbhtha, tá sé in am agad a thiacht
Go deimhin agus go dearbhtha dhuit, níl a fhios agam céard is cor dó chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Go deimhin agus go dearbhtha dhuit, ba deas an feic é ag teacht aniar dhó
2.
+–
Tá go deimhin = tá go cinnte; Tá go deimhin! = ní baoghal go bhfuil. (Is de réir béim na cainte atá an t-idir-dhealú seo. Níl béim ar bith ar an gcéad deimhin (tá go deimhin), ach tá is an dara ceann)
Chuaidh go deimhin! Baoghal air!
TUILLEADH (9) ▼
Gheobhaidh go deimhin! Gheobhaidh, 'nuair a gheobhas Pól a shúil!
Is maith é go deimhin! = níl aon-mhaith leis
Dhéanfadh sé rud go deimhin! Níl aon-chíos ar an gcaint 'ar ndú'!
Tá airgead aige. Tá rud aige go deimhin! Cac éanachaí i mBaile Átha an Ríogh, mar adeir N.
Dhéanfadh go deimhin! Ní dhéanfadh sé púirín cearc, ní áirighim teach
'Deimhin is deas an chaint atá ort!
'Deimhin is mór a bhaineas sé dhuit anois. Tá tú ro-chaidéiseach uiliog
'Deimhin dhéanfá-sa cat agus dá rioball dhá bhfaightheá cead do chinn! Breagh nach ndéanann tú rud eicínt mar sin
Is maith é go deimhin! Ní fiú do sheacht mallacht é.
Deimhin in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
Faitíos ar Sheán go deimhin! Fuair sé amach muise an fear a mbeadh faitíos air! = níl faitíos ar bith air
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
+
→
focal
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
TUILLEADH (1) ▼
D'eirigh sciorradh focail dó agus sin é adúirt sé, ach go deimhin níor mhinic leis an gceann céanna an chuibhiúlacht a rádh, níor mhinic sin
→
foirm
Bhí "gaeilgeóirí" — brat aca — timpeall air seo thíos trathnóna, agus é ag innseacht dóibh. Go deimhin má bhí fhéin, ní raibh an rud a bhí sé a innseacht i gclár ná i bhfoirm. Ach cuireadh síos ar na leabhairíní é. Tiocfaidh siad leis!
→
fothair
Bíonn féar agus fóthar annsin mar is minleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas annseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
+
Sin í a bhfuil an fhreagraíocht treasna aice! Go deimhin is maith an t-ábhar í dhá haois!
TUILLEADH (1) ▼
Freagraíocht treasna a bhí ann i gcaitheamh na hoíche ag an mbeirt. Go deimhin níl roghain na díogha le bhaint as an gcúpla céanna. An faobhar céanna atá ar 'chaon duine aca
→
fáinne
Bhí sí sin in a beitheach cho tóighe agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannuigh sé in a gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirre. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó a tháinig an geimhreadh agus gan aon-ghabhail a chaitheamh ariamh aice. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheitheach ar bith mar siúd
Dhá mbeadh sé ag dul a chodladh in a throscadh, bheadh sé mór-fhoclach. Dar go deimhin bheadh. Ach is dual dó na floscaí a bheith aige. Bhídís ag a mháthair fhéin.
+
→
cailm
Tá cailm mhór air go deimhin — fear a d'ith ionann's punt feola indé!
TUILLEADH (1) ▼
Tá cailm mhór ort go deimhin — coduigheacht a's cluanuigheacht a's neart díomhaontais! (duine a bhí a' fuasaoid tinnis, a's nach [raibh] in acmhuinn aon-bhuille a dheanamh, má b'fhíor dhó fhéin).
→
clab
Bhí clab truisc seo thíos ar cuairt ann, a's go deimhin má bhí fhéin, ní caoitheamhail í = leasainm ingeall ar a' mbéal a bhí uirre.
→
cleite
Ó chuaidh tú 'cur do chleite chor ar bith sa gcomhrádh, go deimhin ní slachtmhar a' cleite a chuir tú ann. Ní minic le tada ach leis a' tútaighil a theacht as do bhéal.
→
clóic
Tá clóic mhór air go deimhin! — fear a' bith a bhío(nn)s in a shuidhe le giolcadh na fuiseoige chuile mhaidin, a's é spréachta a' dúiseacht 'chuile dhuine eile sa teach.
→
comaoin
Meastú marach é bheith faoi chumaoin dom ingeall ar an uair ar thug mé mo chapall dó, a' ndeanfadh sé an méid sin gar dom. Baoghal air go deimhin! Sin é an buachaill céadna gur deacair leis soighleas a dhéanamh d'aonduine.
Nach mé nach n-aithneochadh é go deimhin! Síleann tú gur caoch atá mé! É fhéin nó a chosamhlacht a bhí ann. Thiubharfainn mionna an leabhair air!
+
→
cuideáin
Éan coideáin í sin, cheapfainn, ach go deimhin, tá baladh an fhraoigh ar a' gcuid eile = ta sí sin strainséara, ach ó'n bhfraoch nó ó'n sliabh an dream eile atá in a buil. Is furast' aithinte orra é.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí fámuire thart annseo sa samhradh a's go deimhin ba éan coideáin críochnuighthe é. Dhá bhfeictheá chomh buidhe chomh bealthuighthe a's 'bhí sé, a's na bruachannaí a bhí amach ar a chuid liopaí. Dar liom fhéin gur ó réigiún coimhightheach eicínt é. Bhí an-chanamhaint air freisin.
Go deimhin is beag a bheadh le deanamh agam a dhul suas in m'éan choideáin go Conndae na Midhe, 'san áit nach bhfuil aithne ná eolas orm, ná fios ó Dhia anuas agham céard a dhéanfainn ann. Fuireocha mé scathamh eile 'sa tsean-ghrainsigh seo, pé'r bith céard a dhéanfas Dia liom.
→
cíble
Bhuel tá fear sa mbaile as Meriocá tigh Sh. Mh. Mh. annsin thiar, a's dhá gcloistheá é sin a' cíbleadh, déarfá go deimhin go bhfuil cainnt aige. Ach má tá, dheamhan ínnte ach sprus-chainnt.
→
beann
Tá beann agam ort go deimhin! (adéarfadh duine le duine eile a bheadh a' bagairt achrainn, dlighe, nó díoghaltais air).
→
béalóg
Go deimhin is mór a' mío-shlacht ar do mhacsamhail de chailín óg, béalóg mar sin a bheith in do dhrad!
→
coiric
Tá coirricín eicínt suas ar a' gcaipín atá uirre, a's go deimhin ní slachtmhar é. Is geall le 'gyspy' í.
→
cuilín
Go deimhin is deas é t'áit chuarta — teach a bhfuil cuilíní súighe is chuile choirnéal ann.
→
bocht 1
Nach bocht dó go deimhin a bheith as cionn a chuid oibre, a's an congnamh atá aige! B'fhéidir, dhá mbeadh sé aonraic, fearacht daoine eile, go mbeadh sé chomh mór 'un deire le 'chuile dhuine.
→
bornóg
Is beag, beag, a bheadh le déanamh aghad, go deimhin a dhul a chongnamh do Sh. M. a's a bhfuil de bhornógaí aca(b) fhéin ann.
→
boscaed
Ghoid sé a shean-eire de chruit fhataí! Ghoid go deimhin! Dheamhan ceo le cion boscaeid a ghoid sé ar fad, ach is mó i gceist a' méid sin acab ná dhá ngoideadh sé poll ar dhuine eile.
→
breá
Is breagh í do chuid cainnte go deimhin! = nuair a bheadh gráiscínteacht, nó cainnt mhío-thaithneamhach tarraingthe anuas ag duine.
→
ailím
Nach hí an ailím í go deimhin! = nach hí an éadáil í! Déarfaidhe é le rud nach mbeadh aon-mheas ag duine air.
+
→
ainm
Tá a gcaoi fhéin acab ar na h-ainmneachaí agus go deimhin ní deas iad (daoine adéarfadh Ted in áit Tadhg. Eily in áit Eibhlín, Delia in áit Brighid etc)
TUILLEADH (1) ▼
Páidín: Dubhairt sé go mbadh bacach mé; Tom: Go deimhin má dubhairt fhéin, níor bhain sé tada as t'ainm thú (i.e. is bacach thú)
→
aird 2
Bhí sé 'cur dhe, ach fuair sé áird go deimhin = níor tugadh aon-ghéilleamhaint dó, ná aon-éisteacht.
+
→
aire
Chuir mé aithne air, ar a dhul amach 'na n-aona(igh) dhó, aire a thabhairt dhá chuid airgid, ach thug sé áird' orm go deimhin!
TUILLEADH (1) ▼
Tá go leor ar 'aire go deimhin! Ag imtheacht a' deanamh bolg le gréin ar chnocáin!
+
→
athraigh
Mara n-athruighe sé béasa, tá gna(ithe) mhór de theach aige go deimhin.
TUILLEADH (1) ▼
Baol ar siúd go deimhin béasa 'athrú: tá'n iomarca dúil 'san ól anois aige le eirigh as.
Áit fheidheartha é B. Go deimhin ní tada eile é = áit sceirdiúil, scoite nó rite; áit mar a bheadh tamhnóg shléibhe ann; áit bhocht dhólom
→
fiann
Tá féith ó na Fianna in Patch. Go deimhin tá. Is furasta aithinte ar an dá chaol láimhe atá aige é bail ó Dhia air! = tá sé ag dul i gcosúlacht le na Fianna idtaobh spreacadh; tá dúchas na bhFiann ann
Go deimhin ní damhsa atá aige ná tada dhá shórt, ach bíonn sé ag fiod-rinnce leis mar sin. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé muide
→
foireann
Tá an sean-ghléas sin stiallta ó chéile go deimhin. Caithfear fuireann nua a fháil gan mórán achair (úmachaí capaill cairte : bríste, coiléar agus rl.)
+
→
fonn
Tá fonn mór uirre sin rud a fhólaim go deimhin!
TUILLEADH (2) ▼
Fataí a chur ab ea! Tá fonn mór ort go deimhin!
Fonn maitheasa ar T. go deimhin! Fuair tú amach é muis
→
forás
Is fear gan forás ar bith é. Dhá mbeadh aon-fhorás air, ní cead lobhadh sna poill a thiúrfadh sé dhá chuid fataí anuiridh, cheal a gcur isteach. Go deimhin ní fear tíomhais é