Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deimhin
/d′iv′in′/
sa leagan go deimhin amháin. Fágtar an go ar lár go minic. Deimhin ní dhéanfaidh sé mórán srl.
1.
 go dearfa; go cinnte, go siúráilte; gan aon amhras; gan bhréig; gan baol ar bith.
+
Go deimhin ní dhéanfaidh sé mórán nó is cinnt air é
Deimhin is beag an bheann atá agam air
TUILLEADH (6) ▼
Go deimhin ba chóra dhó ciall a bheith aige agus gan a bheith ag imeacht ar an gcaoi sin!
Go deimhin bhuail! Chonaic mé é dhá bhualadh
Deimhin muise tá! Is agamsa is fhearr a fhios
Go deimhin muis, tá sé in am agat anois
Deimhin tá a mh'anam, agus go hard os cionn na trí scóir
Deimhin bhain muis. Chonaic mé dhá baint é
+
Dar go deimhin ní dhéanfad!
Dar go deimhin muis, is deas an buachaill siopa a dhéanfadh sé
TUILLEADH (1) ▼
Dar go deimhin ní fhaca mé a leithide ariamh
+
Go deimhin fhéin, is beag an dochar duit náire a bheith ort ag imeacht mar sin!
Go deimhin féin dhá mba duine den tsórt sin mé, is fadó a d'fhéadfainn é a bheith déanta agam
TUILLEADH (1) ▼
Go deimhin féin is mór a d'ól sé ariamh agus is dona a chuaigh sé dhó
+
Go deimhin dhuit tá caint aige
Go deimhin duit, is gránna an cheird atá air!
TUILLEADH (1) ▼
Go deimhin duit ba chóra dhó sméaróid chéille eicínt a bheith aige feasta choíchin
+
Go deimhin agus go dearfa, tá sé in am agat a theacht
Go deimhin agus go dearfa dhuit, níl a fhios agam céard is cor dó chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Go deimhin agus go dearfa dhuit, ba deas an feic é ag teacht aniar dhó
2.
+
Tá go deimhin — tá go cinnte; Tá go deimhin! — ní baol go bhfuil. Is de réir béim na cainte atá an t-idirdhealú seo. Níl béim ar bith ar an gcéad deimhin (tá go deimhin), ach tá sa dara ceann
Chuaigh go deimhin! Baol air!
TUILLEADH (9) ▼
Gheobhaidh go deimhin! Gheobhaidh, nuair a gheobhas Pól a shúil!
Is maith é go deimhin! — níl aon mhaith leis
Dhéanfadh sé rud go deimhin! Níl aon chíos ar an gcaint ar ndóigh!
Tá airgead aige. Tá rud aige go deimhin! Cac éanachaí i mBaile Átha an Rí, mar adeir N.
Dhéanfadh go deimhin! Ní dhéanfadh sé púirín cearc, ní áirím teach
Deimhin is deas an chaint atá ort!
Deimhin is mór a bhaineas sé dhuit anois. Tá tú róchaidéiseach uileag
Deimhin dhéanfása cat agus dá rioball dhá bhfaightheá cead do chinn! Breá nach ndéanann tú rud eicínt mar sin
Is maith é go deimhin! Ní fiú do sheacht mallacht é

deimhin in iontrálacha eile (50+)

 
Faitíos ar Sheán go deimhin! Fuair sé amach muise an fear a mbeadh faitíos air! — níl faitíos ar bith air
 
An gcuimhníonn tú ar an Lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos sa mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos (le) sparán a raibh ceangal air! D'iontaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar sa sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbarr a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? — chuaigh sé ar cúlráid i riocht is go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
+
focal
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
TUILLEADH (1) ▼
D'éirigh sciorradh focail dó agus sin é adúirt sé, ach go deimhin níor mhinic leis an gceann céanna an chuibhiúlacht a rá, níor mhinic sin
 
foirm
Bhí "Gaeilgeoirí" — brat acu — timpeall air seo thíos tráthnóna agus é ag inseacht dóibh. Go deimhin má bhí fhéin, ní raibh an rud a bhí sé a inseacht i gclár ná i bhfoirm. Ach cuireadh síos ar na leabhairíní é. Tiocfaidh siad leis!
 
Bíonn féar agus fothair ansin mar is mínleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas anseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
 
Go deimhin agus go dearfa thug sé freagra slachtmhar orm!
+
Sin í a bhfuil an fhreagraíocht trasna aici! Go deimhin is maith an t-ábhar í dhá haois!
TUILLEADH (1) ▼
Freagraíocht trasna a bhí ann i gcaitheamh na hoíche ag an mbeirt. Go deimhin, níl roghain na díogha le bhaint as an gcúpla céanna. An faobhar céanna atá ar chaon duine acu
 
fág i
Níor fhága mé pínn rua ina shiopa le bliain. Go deimhin ní theastódh uaim ach sin
 
Bhí sí sin ina beathach chomh tógtha agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannaigh sé ina gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirthi. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó tháinig an geimhreadh agus gan aon ghabháil a chaitheamh ariamh aici. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheathach ar bith mar siúd
 
Dhá mbeadh sé ag dul a chodladh ina throscadh, bheadh sé mórfhoclach. Dar go deimhin bheadh. Ach is dual dó na floscaí a bheith aige. Bhídís ag a mháthair fhéin.
+
cailm
Tá cailm mhór air go deimhin — fear a d'ith ionann is punt feola inné!
TUILLEADH (1) ▼
Tá cailm mhór ort go deimhin — codaíocht is cluanaíocht agus neart díomhaointis! (duine a bhí ag fuasaoid tinnis agus nach raibh in acmhainn aon bhuille a dhéanamh, má b'fhíor dhó fhéin)
 
clab
Bhí clab troisc seo thíos ar cuairt ann, agus go deimhin má bhí fhéin, ní caoithiúil í — leasainm i ngeall ar an mbéal a bhí uirthi.
 
cleite
Ó chuaigh tú ag cur do chleite chor ar bith sa gcomhrá, go deimhin ní slachtmhar an cleite a chuir tú ann. Ní minic le tada ach leis an tútaíl a theacht as do bhéal.
 
clóic
Tá clóic mhór air go deimhin! — fear ar bith a bhíonns ina shuí le giolcadh na fuiseoige chuile mhaidin agus é spréachta ag dúiseacht chuile dhuine eile sa teach.
 
Meas tú murach é bheith faoi chomaoin dom i ngeall ar an uair ar thug mé mo chapall dó, an ndéanfadh sé an méid sin gar dom. Baol air go deimhin! Sin é an buachaill céanna gur deacair leis soilíos a dhéanamh d'aon duine.
 
Nach mé nach n-aithneodh é go deimhin! Síleann tú gur caoch atá mé! É fhéin nó a chosúlacht a bhí ann. Thabharfainn mionna an leabhair air!
+
Éan cuideáin í sin cheapfainn, ach go deimhin, tá boladh an fhraoigh ar an gcuid eile — tá sí sin strainséara, ach ón bhfraoch nó ón sliabh an dream eile atá ina buil. Is furasta a aithinte orthu é.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí fámaire thart anseo sa samhradh agus go deimhin ba éan cuideáin críochnaithe é. Dhá bhfeictheá chomh buí chomh bealaithe agus a bhí sé, agus na bruachannaí a bhí amach ar a chuid liopaí. Dar liom fhéin gur ó réigiún coimhthíoch eicínt é. Bhí an-chanúint air freisin.
Go deimhin is beag a bheadh le déanamh agam a dhul suas in m'éan chuideáin go Contae na Mí, san áit nach bhfuil aithne ná eolas orm, ná fios ó Dhia anuas agam céard a dhéanfainn ann. Fuireoidh mé scaitheamh eile sa tseanghráinsigh seo, pé ar bith céard a dhéanfas Dia liom.
 
cíble
Bhuel tá fear sa mbaile as Meiriceá tigh Sh. Mh. Mh. ansin thiar, agus dhá gcloistheá é sin ag cíble, déarfá go deimhin go bhfuil caint aige. Ach má tá, dheamhan inti ach spruschaint.
 
Is deas é do bhealach go deimhin!
 
beann
Tá beann agam ort go deimhin! (adéarfadh duine le duine eile a bheadh ag bagairt achrainn, dlí, nó díoltais air)
 
Go deimhin is mór an míshlacht ar do mhacasamhail de chailín óg béalóg mar sin a bheith in do dhrad!
 
coiric
Tá coiricín eicínt suas ar an gcaipín atá uirthi, agus go deimhin ní slachtmhar é. Is geall le 'gyspy' í.
 
Go deimhin is deas é t'áit chuarta — teach a bhfuil cuilíní súí i chuile choirnéal ann.
 
bocht 1
Nach bocht dó go deimhin a bheith os cionn a chuid oibre agus an cúnamh atá aige! B'fhéidir, dhá mbeadh sé aonraic fearacht daoine eile, go mbeadh sé chomh mór chun deiridh le chuile dhuine.
 
Is beag beag a bheadh le déanamh agat go deimhin, a dhul a chúnamh do Sh. M. agus a bhfuil de bhornógaí acub fhéin ann.
 
Ghoid sé a sheaneire de chruit fhataí! Ghoid go deimhin! Dheamhan ceo le cion boscaeid a ghoid sé ar fad, ach is mó i gceist an méid sin acub ná dhá ngoideadh sé poll ar dhuine eile.
 
breá
Is breá í do chuid cainte go deimhin! — nuair a bheadh gráiscínteacht nó caint mhíthaitneamhach tarraingthe anuas ag duine.
 
ailím
Nach í an ailím í go deimhin! — nach í an éadáil í! Déarfaí é le rud nach mbeadh aon mheas ag duine air
+
ainm
Tá a gcaoi fhéin acub ar na hainmneachaí agus go deimhin ní deas iad (daoine adéarfadh Ted in áit Tadhg. Eily in áit Eibhlín, Delia in áit Bríd srl.)
TUILLEADH (1) ▼
Páidín: Dúirt sé go mba bacach mé; Tom: Go deimhin má dúirt fhéin, níor bhain sé tada as t'ainm thú (.i. is bacach thú)
 
aird 1
Go deimhin, is uair sna naoi n-aird a thaobhaíonn siad í anois ó cuireadh an t-athair.
 
aird 2
Bhí sé ag cur dhe, ach fuair sé aird go deimhin — níor tugadh aon ghéilliúint dó ná aon éisteacht
+
aire
Chuir mé aithne air, ar a dhul amach 'na aonaigh dhó, aire a thabhairt dhá chuid airgid, ach thug sé airde orm go deimhin!
TUILLEADH (1) ▼
Tá go leor ar a aire go deimhin! Ag imeacht ag déanamh bolg le gréin ar chnocáin!
 
araoid
Is mór an araoid a chuir tú air go deimhin!
+
Mura n-athraí sé béasa, tá gnaithe mhór de theach aige go deimhin
TUILLEADH (1) ▼
Baol ar siúd go deimhin béasa a athrú: tá an iomarca dúil san ól anois aige le éirí as
 
Áit fheidheartha é B. Go deimhin ní tada eile é — áit sceirdiúil, scoite nó rite; áit mar a bheadh tamhnóg shléibhe ann; áit bhocht dhólom
 
fiann
Tá féith ó na Fianna in Patch. Go deimhin tá. Is furasta a aithinte ar an dá chaol láimhe atá aige é bail ó Dhia air! — tá sé ag dul i gcosúlacht le na Fianna i dtaobh spreacadh; tá dúchas na bhFiann ann
 
Go deimhin ní damhsa atá aige ná tada dhá shórt, ach bíonn sé ag fiodrince leis mar sin. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé muide
 
Tá an seanghléas sin stiallta ó chéile go deimhin. Caithfear foireann nua a fháil gan mórán achair (úmachaí capaill cairte : bríste, coiléar srl.)
+
fonn
Tá fonn mór uirthi sin rud a fhoghlaim go deimhin!
TUILLEADH (2) ▼
Fataí a chur ab ea! Tá fonn mór ort go deimhin!
Fonn maitheasa ar T. go deimhin! Fuair tú amach é muis
 
forás
Is fear gan forás ar bith é. Dhá mbeadh aon fhorás air, ní cead lobhadh sna poill a thabharfadh sé dhá chuid fataí anuraidh cheal a gcur isteach. Go deimhin ní fear tíobhais é