Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deirc
Ainm-fhocal: buineann
tuiseal geineamhnach uathaidh: na deirce.
Uimhir iolraidh: deirceannaí.
ainm a thugtar amach isna cnuic mhóra ar chnuic chruinne mar a bheadh leath-fata nó leath gealaighe ann; nó dhá mbeadh sceallóg de'n chineál céadna ithte as taobh nó as lár an chnuic thiubharfaí air freisin é.
+
Ní shin é an cnoc é, chor ar bith ach an cnoc a bhfuil an deirc ann ar a chúl
Deirc de chnoc é sin. Tá a lán aca amach annsin
TUILLEADH (1) ▼
Cailltear go leor caorach 'sa deirc atá istigh i lár an chnuic sin. Níl léigheamh ar bith ar a dteigheann ann aimsir shneachta. Bíonn siad in a gcárnáin ann

Féach freisin