Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diabhal
/d′əu:l/
mion-fhocal cainte
1.
+
Diabhal cianóg aige
Diabhal a dhath féin (blas, ceo, pioc, faocha, agus rl.) dhá barr aca
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal an oiread sin fhéin agadsa ainneoin cho mór-fhoclach agus atá tú
De'n diabhal thiomanta greim aige a chuirfeadh sé in a bhéal
De'n diabhal oiread aige agus a dhéanfadh torann ar leic
+
De'n diabhal caoi air fós = duine atá tinn
Diabhal ag an teach dó — tada leis — anois
TUILLEADH (2) ▼
Diabhal maith duit ann! Ní ghabhfaidh mé leat
Diabhal go maith dhó muis = níl sé go maith
+
Diabhal an fearr beirthe é = tá an scéal cho maith mar atá sé anois le bheith ar aon-chaoi eile (níl mé ro-chinnte gur an .i. "Diabhal an", is cóir a scríobhadh i gcásannaí den tsórt seo. fuaim /ə/ atá ann)
Diabhal an beag dhuit a dhonacht a chomharsa!
TUILLEADH (4) ▼
Dar príostaí diabhal an mór liom duit
Dhe'n diabhal an beag dhuit a thúisce. Beidh tú luath go leor ag droch-mhargadh
Diabhal an garbh liom é, ach níl tada le fáil. Tá an fharraige ro-challóideach
Tá sé dona go leor ach diabhal an measa é ná an lá inné
+
Diabhal ag caitheamh dhó = níl sé ag caitheamh
Diabhal ag teacht di fós = níl sí ag teacht fós
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal feiceál ná feiceál. Sháith sé é féin i bpruchóig eicínt as amharc na ndaoine
Diabhal baint ná cuid de bhaint ar a chuid móna fós aige
Diabhal imeacht go sleibhe. Diabhal é muis. Tá an iomarca teólaíocht aige mar atá sé
·
De'n diabhal a fhios nach tuitim san bhfarraige a rinne sé
Diabhal a fhios nach imeacht a dhéanfadh na beithigh agus a dhul i mbradaíl i ngort eicínt
+
Diabhal ionga ná orlach tharm a bhí sé in a dheidh sin
Diabhal drúcht na báisteach adúirt sé sin le aonduine ariamh
TUILLEADH (4) ▼
De'n diabhal a shúil a d’eirigh linn = iascairí nach maródh aon-bhreac
Diabhal "thú ná mé" (faice) adúirt S. T. a bhí ag gabhail le cuthach
Diabhal easna dhó nachar bhuail mé
Diabhal a chosa nachar ionnsuigh mé!
+
Diabhal as amach a fhágfas sé go brách
Diabhal thríd a chuirfeas tú le do loiseag é
TUILLEADH (4) ▼
Diabhal tharm a ghabhfadh sé muis, dhá bhfeicinn ag teacht é
Diabhal dó a thiúrfainn é choíchin marach gur bhraith sé é
Diabhal ann a bhí mé le seachtain ná an bhfuil a fhios agam céard is cor dóib
Diabhal choíchin a fheicfeas tú aríst é
·
Diabhal ar dhúirt mise tada, adeir an bhean a chuir an baile ag troid
Diabhal an gcuirfinn díom go deó é, marach go dtáinig tú
2.
+
Diabhal mé gurb é atá ann. Anois a bhfuil biseach agad?
Diabhal mé gur garbh é ar an bhfarraige inniu
TUILLEADH (5) ▼
Diabhal mé muis nach h-amhlaidh. Ná chor ar bith. Siad an dream is míne istigh ar do bhaile iad ina leabaidh sin
Diabhal mé nach beag duit t'aistir a bhean bhocht?
Diabhal mé gurb ann a bhím anois ar fad
Diabhal mé gurb aige atá an chaint
De'n diabhal mé nach bhfuil a fhios agam muis. Dhá dteigheadh an bheirt le chéile thiúrfadh J. cnáimh le crinneadh dhó

Diabhal in iontrálacha eile (50+)

 
Shílfeá go bhfuil ath-fhéar annseo istigh agad. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
+
Diabhal pléidh a bhéas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Feacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseall ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (2) ▼
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air in a dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithi. Diabhal easna den deárthair nach dteagann isteach, agus nach mbeireann air …
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
 
fara
Diabhal maith sna bróga sin níos mó. Caith ar an bhfara iad. Beidh duine ar bith thart muise cheal bróg a ghabhfas dhá gcur sin air fhéin
+
Déarfainnse nach bhfuil earasbár ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
TUILLEADH (2) ▼
Níl garraí ag gabhail leis nach ag baint fearasbár donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna annsin thiar aige, agus nach mbeadh sé ionrásta agad a siúl, tá sí cho hachrannach sin. Is beag nachar bascadh mé an lá faoi dheireadh inte, agus mé ag briseadh treasna go dtí an bóithrín thiar.
Agus le fearasbár siúráilteacht a dhéanamh chuir mé glas ar an doras. Diabhal mé gur goideadh iad in a dhiaidh sin! = to make assurance doubly sure
 
Fadó bhíodh farúch annseo againn fútha (cruacha arúir), ach diabhal ceo a dhéanas an chuid is mó de na daoine anois, ach a ndéanamh ar bhonn cloch
 
Runnachaí ar fad a bhí san eangach. 'Chuile bhreac ar an bhfeáin aca. Diabhal mé go sílim go raibh trí chéad aige. Ba bhreá an dola éisc é
 
M'anam muise má tá sí sin san mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparáiste). Diabhal bréag nach hea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile in a diaidh shul a n-imighe sí. D'eireódh di!
 
feáin
Ní raibh fíth ná feáin air mara dteigheadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirm a bhí sí! "Dhá mba triomach go Nollaig é anois", adeirimse "dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach". Síleann sé má theagann anna mar sin go dtriomódh sí ar an bpuinnte. Tá sí réidh leis go haithbhliain muise
+
fiar
Th'anam ón diabhal, thug tú fiar ro-mhór don chlaidhe sin. Breá nach bhfuair tú dorú talúna agus a chur leis. Ní caoi ar bith é sin le claidhe a dhéanamh. Tá go leór talúna diomalluithe agad annsin
TUILLEADH (1) ▼
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
+
fios
Sén diabhal é, nó tá fios na rólachaí aige feasta choichín, agus cho fada agus atá sé taithí ann. Ach ní duine é a bhfuil aon-mheabhair ann cheapfainn
TUILLEADH (2) ▼
Níl a fhios san diabhal (san tubaiste, san gcatmara etc.) céard a bhíos sé a dhéanamh san mbaile mór gach lá
Ara cá bhfios domsa ó bhonnaíochaí an diabhail, cáil sé imithe. Ná bí do mo shárú faoi
+
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
TUILLEADH (3) ▼
Bhí mise ag teacht aníos an daingean lá agus chonnaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleógaí léin sin. Ba bheag nar thuit sé as a sheasamh. Ba é bum an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal áird ar bith a thug mise orra!
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
Sin é an fear fobhairne atá ag Debhalera sna bólaí seo. Tá sé cho dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhás sé ar a shon. Do dhúshlán aon-cheo a rá faoi Debhalera as a chomhair. Spréachfadh sé a dheárthair mo chroí. Spréachfadh a mh'anam agus thiúrfadh sé fút garbh é
+
focal
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rádh. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé druimeáil. Sé a theastuigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thiúrfadh sé aon-lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aonduine. Is mór an t-íonadh nar mharuigh duine eicínt ariamh é, agus cho coiligneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
Shíl mé go sceannfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leó, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean th'éis nach raibh sé ag tabhairt sásamh ar bith faoin domhan dóibh
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páighe agam an tseachtain seo chugainn. Sé díol an diabhail é, má thugann sé uain d'aonduine eile. Ach tá an-sceannadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
+
Bhí sruth pislíní leis, leis an anbhá a bhí air. Diabhal mé go raibh: foirghe ar fad (é faoi phislíní ar fad)
TUILLEADH (1) ▼
Tá muinntir na tíre seo maith go leor. Tá móin aca, agus nuair nach mbíonn aon-seifte eile aca, bíonn na cupla scillingín "dole" sin ann. Ach an limistéar sin ó Gh. go M. tá sé foirgthe ar fad. Níl móin ann, agus níl dole ann. Tá cíos agus airgead acraí an-trom orra. Agus diabhal an talamh é a bhfuil aon-ghaisce ann ag tabhairt chruithneacht ná "beet". = creachta
 
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon-chaidéis orra sin. Leigfidh siad isteach annsiúd cho follasach as comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a leigfidís lá den tseachtain
 
Seachain anois a ndéanfá fraiseach den phunt sin mar a níos tú i gcomhnaí. Ní bheadh caitheamh in a dhiaidh ar bith agam, marach an dream a mbíonn tú ag tiomaint óil orra. Diabhal uisce na bhfataí a thiúrfainn dóibh
+
Diabhal a leithide de fhrumsóg de bhean a chonnaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirre ach damhsaí agus "routáil". Ní san aeríl a chaill sí ar chuma ar bith é
TUILLEADH (1) ▼
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithi ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach hí an marcach í!
 
Diabhal mé go bhfuil sí cóir frasach faoi dhá mbeadh tarraint a láimhe aice. Is mór is fiú an fhairsingeacht ar aon-chor. Ní ghabhfaidh fial go hIfreann, adeir siad
 
Bhí mé ar bhráite mhaith, dar liom fhéin, agus diabhal freagairt in a dhiaidh sin. Sílim nach bhfuil sé sonaí an C. sin a thabhairt leat in a fhear fabhairne chor ar bith. Thug mé faoi deara chuile lá dhá mbíonn sé in éindigh liom, go mbíonn geis eicínt ar an iasc, go n-aithníonn siad ag teacht é
 
Tá sé freochanta inniu thar mar a bhí sé inné. D'aithneóchthá ar a shúile é. Ní raibh spleódar ar bith inné ann. Ach diabhal mé go mbeadh an-mheas agam air inniu. Má tá fhéin, gabhfaidh sé rite leis aon-mhaith a dhéanamh. Droch-ghalra é sin
+
Tá léinteachaí na bfrugaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó a rinne mise ceann aca do Sheán annseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. "Leis an tír a bheith ag tabhairt sunntais dom", adeir sé. "Ní bhíonn siad sin anois ach ar shean-daoine". "T'anam cascarha ón diabhal" adeirimse leis. "Tá sí sách maith agad. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí aca orra".
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn an t-uafás go deó fruigisí aige ar an bpaidrín. Diabhal sinnsir dhá dtáinig ariamh leis nach gcuireann sé faoi bhrí na guidhe. Choinnigh sé dhá uair ar ar nglúine muide. Mh'anam gurb shiúd é a rinne an ránn dó agus nach hí Áine den fhaoistean
Nach bhféadfá a rá go ndeárna tú é, nó nach ndeárna agus gan bacadh le leath na bhfrugaisí sin! Diabhal aithne ort nach thar sheacht míle d'fharraige théachtaithe a chaith tú a dhul in a choinne!
Ní thaithníonn an bhean chéanna chor ar bith liom. Is fruigisí í ar fad. Ní fhéadfadh sí a iarraidh ort suí isteach ag cupán tae, gan biodáin a dhéanamh faoi. Diabhal a leithide de chaoi!
+
Diabhal an féidir go bpósfadh sí an frídeóir sin. A leithide de bhunnán (bhuinneán) de bhean bhreá. 'Ar ndó' thiúrfadh sí léithi in a naprún é. Chuir sé artha an dul amú ceart di, chuir sin
TUILLEADH (1) ▼
Cérb as a dtáinig an frídeóir a fheicim ann na laethantaí seo? Diabhal lán de ghlaice ann
 
D'fhága an diabhal grís agam (orm). Is maith an bronntanas í sin! = thóig mé grís uaidh
 
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
 
Leis an aimsir bhriste a fhágáil as margadh uileag, diabhal mórán a shaothróchthá ann
+
fág
A dhiabhail, tá an teach seo ag cur thar maoil. Cuirfidh muide thar maoil tuilleadh é muis. Is beag a fháilte atá romhainn sílim, ach bíodh aca. An té is cumhang leis fágadh.
TUILLEADH (3) ▼
Ó a dhiabhail nach hé a thug faoi. M'anam más thíos a fríodh é, gur thuas a fágadh, agus é siúd réidh leis. Ar chuala tú feannadóir ar bith ariamh a sháródh é?
Diabhal a leithide de chaismirt agus a bhí aca! Más thíos a fuaireadar a chéile (is) thuas a d'fhágadar a chéile = ropadar a chéile le caint agus aithis
Cabáil! Cá bhfágfá í. Ní le muinntir do mháthar a ghabhfá gan a bheith cabach. Sháraigh siad sin an diabhal le cabáil
 
An bhfuil an seafaide sin ag tnuthán le fear. Diabhal duine ar bith a phósfadh í sin. Tá sí ro-fhágha. 'Ar ndó' níl lán do ghlaice inti. Is bréa an rud bean theangmháilte a bhfuil téagar inti.
 
Ní raibh de sholas againn le theacht amach as ach solas fáideóige. Diabhal a mbeadh de chailleadh uirre sin fhéin ach nach raibh aon-deóir ola mhór againn le cur uirre. Sin é a d'fhága in ar mbambairne muid