Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diabhal
/d′əu:l/
mionfhocal cainte
1.
+
Diabhal cianóg aige
Diabhal a dhath féin (blas, ceo, pioc, faocha, srl.) dhá barr acu
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal an oiread sin fhéin agatsa ainneoin chomh mórfhoclach agus atá tú
Den diabhal thiomanta greim aige a chuirfeadh sé ina bhéal
Den diabhal oiread aige agus a dhéanfadh torann ar leic
+
Den diabhal caoi air fós — duine atá tinn
Diabhal ag an teach dó — tada leis — anois
TUILLEADH (2) ▼
Diabhal maith duit ann! Ní ghabhfaidh mé leat
Diabhal go maith dhó muis — níl sé go maith
+
Diabhal an fearr beirthe é — tá an scéal chomh maith mar atá sé anois le a bheith ar aon chaoi eile. Níl mé róchinnte gur an .i. diabhal an, is cóir a scríobh i gcásannaí den tsórt seo. Fuaim /ə/ atá ann
Diabhal an beag dhuit a dhonacht a chomharsa!
TUILLEADH (4) ▼
Dar príostaí, diabhal an mór liom duit
Dhen diabhal an beag dhuit a thúisce. Beidh tú luath go leor ag drochmhargadh
Diabhal an garbh liom é, ach níl tada le fáil. Tá an fharraige róchallóideach
Tá sé dona go leor ach diabhal an measa é ná an lá inné
+
Diabhal ag caitheamh dhó — níl sé ag caitheamh
Diabhal ag teacht di fós — níl sí ag teacht fós
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal feiceáil ná feiceáil. Sháigh sé é féin i bprochóig eicínt as amharc na ndaoine
Diabhal baint ná cuid de bhaint ar a chuid móna fós aige
Diabhal imeacht go sleibhe. Diabhal é muis. Tá an iomarca teolaíocht aige mar atá sé
·
Den diabhal a fhios nach titim sa bhfarraige a rinne sé
Diabhal a fhios nach imeacht a dhéanfadh na beithígh agus a dhul i mbradaíl i ngort eicínt
+
Diabhal ionga ná orlach tharam a bhí sé ina dhiaidh sin
Diabhal drúcht ná báisteach adúirt sé sin le aon duine ariamh
TUILLEADH (4) ▼
Den diabhal a shúil a d'éirigh linn — iascairí nach maródh aon bhreac
Diabhal "thú ná mé" (faice) adúirt S. T. a bhí ag gabháil le cuthach
Diabhal easna dhó nár bhuail mé
Diabhal a chosa nár ionsaigh mé!
+
Diabhal as amach a fhágfas sé go brách
Diabhal thríd a chuirfeas tú le do luiseag é
TUILLEADH (4) ▼
Diabhal tharam a ghabhfadh sé muis, dhá bhfeicinn ag teacht é
Diabhal dó a thabharfainn é choíchin murach gur bhraith sé é
Diabhal ann a bhí mé le seachtain ná a bhfuil a fhios agam céard is cor dóibh
Diabhal choíchin a fheicfeas tú aríst é
·
Diabhal ar dhúirt mise tada adeir an bhean a chuir an baile ag troid
Diabhal a gcuirfinn díom go deo é, murach go dtáinig tú
2.
+
Diabhal mé gurb é atá ann. Anois an bhfuil biseach agat?
Diabhal mé gur garbh é ar an bhfarraige inniu
TUILLEADH (5) ▼
Diabhal mé muis nach amhlaidh. Ná chor ar bith. 'Siad an dream is míne istigh ar do bhaile iad ina leaba sin
Diabhal mé nach beag duit t'aistir a bhean bhocht?
Diabhal mé gurb ann a bhím anois ar fad
Diabhal mé gurb aige atá an chaint
Den diabhal mé nach bhfuil a fhios agam muis. Dhá dtéadh an bheirt le chéile thabharfadh J. cnáimh le crinneadh dhó

diabhal in iontrálacha eile (50+)

 
Shílfeá go bhfuil athfhéar anseo istigh agat. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
+
Diabhal plé a bheas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Féacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseal ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (2) ▼
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air ina dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithe. Diabhal easna den deartháir nach dteagann isteach agus nach mbeireann air …
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirthi sa deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaigh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán oíche thall agus fás fuinseoige aige, agus thosaigh sé ag gleadhradh an dorais leis …
 
fara
Diabhal maith sna bróga sin níos mó. Caith ar an bhfara iad. Beidh duine ar bith thart muise cheal bróg a ghabhfas dhá gcur sin air fhéin
+
Déarfainnse nach bhfuil earasbarr ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
TUILLEADH (2) ▼
Níl garraí ag gabháil leis nach ag baint farasbarr donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna ansin thiar aige agus nach mbeadh sé inrásta agat a siúl, tá sí chomh hachrannach sin. Is beag nár bascadh mé an lá faoi dheireadh inti agus mé ag briseadh trasna go dtí an bóithrín thiar.
Agus le farasbarr siúráilteacht a dhéanamh chuir mé glas ar an doras. Diabhal mé gur goideadh iad ina dhiaidh sin! to make assurance doubly sure
 
Fadó bhíodh farúch anseo againn fúthu (cruacha arbhair), ach diabhal ceo a dhéanas an chuid is mó de na daoine anois ach a ndéanamh ar bhonn cloch
 
Ronnachaí ar fad a bhí san eangach. Chuile bhreac ar an bhfeadhain acu. Diabhal mé go sílim go raibh trí chéad aige. Ba bhreá an dola éisc é
 
M'anam muise má tá sí sin sa mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparóiste). Diabhal bréag nach ea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile ina diaidh shula n-imí sí. D'éireodh di!
 
feáin
Ní raibh fí ná feáin air mura dtéadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirim a bhí sí! 'Dhá mba triomach go Nollaig é anois,' adeirimse, 'dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach.' Síleann sé má theagann ana mar sin go dtriomódh sí ar an bpointe. Tá sí réidh leis go hathbhliain muise
+
fiar
Th'anam ón diabhal, thug tú fiar rómhór don chlaí sin. Breá nach bhfuair tú dorú talúna agus a chur leis. Ní caoi ar bith é sin le claí a dhéanamh. Tá go leor talúna diomalaithe agat ansin
TUILLEADH (1) ▼
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
+
fios
'Sé an diabhal é nó tá fios na rólachaí aige feasta choíchin agus chomh fada agus atá sé taithithe ann. Ach ní duine é a bhfuil aon mheabhair ann cheapfainn
TUILLEADH (2) ▼
Níl a fhios sa diabhal (sa tubaiste, sa gcat mara srl.) céard a bhíos sé a dhéanamh sa mbaile mór gach lá
Ara cá bhfios domsa ó bhonnaíochaí an diabhail cáil sé imithe. Ná bí do mo shárú faoi
+
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. 'Buailfidh mé fhéin faoi,' adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith.' Ach m'anam má rinne nárbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneoinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghártha ann agus an sruth i m'aghaidh
TUILLEADH (3) ▼
Bhí mise ag teacht aníos an Daingean lá agus chonaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleogaí léin sin. Ba bheag nár thit sé as a sheasamh. Ba é búm an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal aird ar bith a thug mise orthu!
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
Sin é an fear fobhairne atá ag de Valera sna bólaí seo. Tá sé chomh dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhaigheas sé ar a shon. Do dhúshlán aon cheo a rá faoi de Valera os a chomhair. Spréachfadh sé a dheartháir mo chroí. Spréachfadh a mh'anam, agus thabharfadh sé fút garbh é
+
focal
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rá. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé droimeáil. 'Sé a theastaigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thabharfadh sé aon lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aon duine. Is mór an t-ionadh nár mharaigh duine eicínt ariamh é, agus chomh coilgneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
Shíl mé go sceanfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leo, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean théis nach raibh sé ag tabhairt sásaimh ar bith faoin domhan dóibh
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páí agam an tseachtain seo chugainn. 'Sé díol an diabhail é má thugann sé uain d'aon duine eile. Ach tá an-sceanadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
+
Bhí sruth pislíní leis, leis an anbhá a bhí air. Diabhal mé go raibh: foirgthe ar fad (é faoi phislíní ar fad)
TUILLEADH (1) ▼
Tá muintir na tíre seo maith go leor. Tá móin acu, agus nuair nach mbíonn aon seifte eile acu, bíonn na cupla scillingín dole sin ann. Ach an limistéar sin ó Gh. go M. tá sé foirgthe ar fad. Níl móin ann, agus níl dole ann. Tá cíos agus airgead acraí an-trom orthu. Agus diabhal an talamh é a bhfuil aon ghaisce ann ag tabhairt chruithneacht ná beet— creachta
 
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon chaidéis orthu sin. Ligfidh siad isteach ansiúd chomh follasach os comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a ligfidís lá den tseachtain
 
Seachain anois a ndéanfá fraiseach den phunt sin mar a níos tú i gcónaí. Ní bheadh caitheamh ina dhiaidh ar bith agam murach an dream a mbíonn tú ag tiomaint óil orthu. Diabhal uisce na bhfataí a thabharfainn dóibh
+
Diabhal a leithide de fhramsóg de bhean a chonaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirthi ach damhsaí agus rabhaiteáil. Ní san aeraíl a chaill sí ar chuma ar bith é
TUILLEADH (1) ▼
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithe ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach í an marcach í!
 
Diabhal mé go bhfuil sí cóir frasach faoi dhá mbeadh tarraingt a láimhe aici. Is mór is fiú an fhairsingeacht ar aon chor. Ní ghabhfaidh fial go hifreann adeir siad
 
í mé ar bhráite mhaith, dar liom fhéin, agus diabhal freagairt ina dhiaidh sin. Sílim nach bhfuil sé sonaí an C. sin a thabhairt leat ina fhear fobhairne chor ar bith. Thug mé faoi deara chuile lá dhá mbíonn sé in éindí liom, go mbíonn geis eicínt ar an iasc, go n-aithníonn siad ag teacht é
 
Tá sé friochanta inniu thar mar a bhí sé inné. D'aithneofá ar a shúile é. Ní raibh spleodar ar bith inné ann. Ach diabhal mé go mbeadh an-mheas agam air inniu. Má tá fhéin, gabhfaidh sé rite leis aon mhaith a dhéanamh. Drochghalra é sin
+
Tá léinteachaí na bhfrogaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó rinne mise ceann acu do Sheán anseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. 'Leis an tír a bheith ag tabhairt suntais dom,' adeir sé. 'Ní bhíonn siad sin anois ach ar sheandaoine.' 'T'anam cascartha ón diabhal,' adeirimse leis. 'Tá sí sách maith agat. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí acu orthu.'
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn an t-uafás go deo froigisí aige ar an bpaidrín. Diabhal sinsir dhá dtáinig ariamh leis nach gcuireann sé faoi bhrí na guí. Choinnigh sé dhá uair ar ar nglúine muide. Mh'anam gurb úd é a rinne an rann dó agus nach í Áine den fhaoistin
Nach bhféadfá a rá go ndearna tú é, nó nach ndearna agus gan bacadh le leath na bhfrogaisí sin! Diabhal aithne ort nach thar sheacht míle d'fharraige théachtaithe a chaith tú a dhul ina choinne!
Ní thaitníonn an bhean chéanna chor ar bith liom. Is froigisí í ar fad. Ní fhéadfadh sí a iarraidh ort suí isteach ag cupán tae gan beadáin a dhéanamh faoi. Diabhal a leithide de chaoi!
+
Diabhal an féidir go bpósfadh sí an frídeoir sin. A leithide de bhunán (bhuinneán) de bhean bhreá. Ar ndóigh thabharfadh sí léithe ina naprún é. Chuir sé ortha an dul amú ceart di, chuir sin
TUILLEADH (1) ▼
Cérb as a dtáinig an frídeoir a fheicim ann na laethantaí seo? Diabhal lán do ghlaice ann
 
D'fhága an diabhal grís agam (orm). Is maith an bronntanas í sin! — thóg mé grís uaidh
 
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
 
Leis an aimsir bhriste a fhágáil as margadh uileag, diabhal mórán a shaothrófá ann
+
fág
A dhiabhail, tá an teach seo ag cur thar maoil. Cuirfidh muide thar maoil tuilleadh é muis. Is beag a fháilte atá romhainn sílim, ach bíodh acu. An té is cúng leis fágadh.
TUILLEADH (3) ▼
Ó a dhiabhail nach é a thug faoi. M'anam más thíos a frítheadh é, gur thuas a fágadh, agus é siúd réidh leis. Ar chuala tú feannadóir ar bith ariamh a sháródh é?
Diabhal a leithide de chaismirt agus a bhí acu! Más thíos a fuaireadar a chéile (is) thuas a d'fhágadar a chéile — ropadar a chéile le caint agus aithis
Cabáil! Cá bhfágfá í. Ní le muintir do mháthar a ghabhfá gan a bheith cabach. Sháraigh siad sin an diabhal le cabáil
 
An bhfuil an seafaide sin ag tnúthán le fear. Diabhal duine ar bith a phósfadh í sin. Tá sí rófhágtha. Ar ndóigh níl lán do ghlaice inti. Is breá an rud bean theangmháilte a bhfuil téagar inti.
 
Ní raibh de sholas againn le theacht amach as ach solas fáideoige. Diabhal a mbeadh de chailleadh uirthi sin fhéin ach nach raibh aon deoir ola mhór againn le cur uirthi. Sin é a d'fhága inár mbambairne muid