Diabhlaíocht
—ainm-fhocal teibí as diabhal.
—
obair nó saothar an diabhail; droch-shaothar; mísc, damáiste, easarlaíocht, díchreideamh, cleis, ealadhain.
+–
Tá an iomarca de'n diabhlaíocht istigh in a chloigeann le aon-rath a dhéanamh
Nach aca atá an diabhlaíocht! Nach beag an dochar den tsaol fhéin a bheith mar atá sé
TUILLEADH (4) ▼
Tá diabhlaíocht Shasana indon a tabhairt as chuile ghá(bhadh). Mo léan deacrach thú is fada an lá díolta leis an diabhal í, agus m'anam go bhfuil sé ag rith léithe in a dheidh sin
Is beag dhá chuid diabhlaíocht sin na claidheachaí a leagan. Leagfadh dhá gceapadh sé go gcuirfeadh sé an baile in árachaí a chéile
Níl léamh ar bith ar a chuid diabhlaíocht! Chuir sé an lúbán ar an dá dhoras tí Ph. an oíche cheana, agus b'éigin do dhuine a dhul amach thríd an bhfuinneoig le lucht na gcuart a leigean abhaile
Ba ghearr ar a chuid diabhlaíocht é, dá gcuimníodh sé air, ach ní chreidfinn gurb é a rinne é in a dheidh sin
+–
An áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht, adeir siad = má bhíonn scéalta fiannaíochta nó seanchas ar siúl ní bheidh comhlódar ag coireadh ar a gcomharsa, ná ag gearradh na ngrást ná a leithide
D'eile céard iad ach dearg-bhréaga! Meas tusa an raibh fear ar bith ariamh acmhuinneach ar sheacht míle fairrge théachtuithe a chaitheamh de léim! Ach deir siad in a dheidh sin nach raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht in éindí ariamh
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an siamsa é. Nach fearr é ná a bheith ag gearradh na comharsan. Is mór atá eatorra mo léan. Deir siad an áit a mbíonn fiannaíocht nach mbíonn diabhlaíocht. Ach sí an diabhlaíocht uiliog atá anois ann, agus níl áird ar bith ar an bhfiannaíocht