Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diabhlaíocht
ainmfhocal teibí as diabhal
obair nó saothar an diabhail; drochshaothar; mísc, damáiste, asarlaíocht, díchreideamh, cleis, ealaín.
+
Tá an iomarca den diabhlaíocht istigh ina chloigeann le aon rath a dhéanamh
Nach acu atá an diabhlaíocht! Nach beag an dochar den tsaol fhéin a bheith mar atá sé
TUILLEADH (4) ▼
Tá diabhlaíocht Shasana in ann a tabhairt as chuile ghábh. Mo léan deacrach thú is fada an lá díolta leis an diabhal í, agus m'anam go bhfuil sé ag rith léithe ina dhiaidh sin
Is beag dhá chuid diabhlaíocht sin na claíochaí a leagan. Leagfadh dhá gceapadh sé go gcuirfeadh sé an baile in árachaigh a chéile
Níl léamh ar bith ar a chuid diabhlaíocht! Chuir sé an lúbán ar an dá dhoras tí Ph. an oíche cheana, agus b'éigean do dhuine a dhul amach thríd an bhfuinneoig le lucht na gcuart a ligean abhaile
Ba ghearr ar a chuid diabhlaíocht é, dá gcuimhníodh sé air, ach ní chreidfinn gurb é a rinne é ina dhiaidh sin
+
An áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht adeir siad — má bhíonn scéalta Fiannaíochta nó seanchas ar siúl ní bheidh comhluadar ag coiriú ar a gcomharsa, ná ag gearradh na ngrást ná a leithide
Deile céard iad ach deargbhréaga! Meas tusa an raibh fear ar bith ariamh acmhainneach ar sheacht míle farraige théachtaithe a chaitheamh de léim! Ach deir siad ina dhiaidh sin nach raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht in éindí ariamh
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an siamsa é. Nach fearr é ná a bheith ag gearradh na comharsan. Is mór atá eatarthu mo léan. Deir siad an áit a mbíonn fiannaíocht nach mbíonn diabhlaíocht. Ach 'sí an diabhlaíocht uileag atá anois ann, agus níl aird ar bith ar an bhfiannaíocht

diabhlaíocht in iontrálacha eile (5)

 
ard 2
Má tá an ceann céanna ard i dtada, is ard i ndiabhlaíocht atá sé — is deargealaíontóir nó duine an-imeartha críochnaithe é
+
B'fhearr go mór a bheith ag fiannaíocht ná an cheird a bhíos i dtithe cuarta anois: ag ithe agus ag gearradh ar an gcomharsa. Ar ndóigh ar chuala tú ariamh é, san áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht — má bhíonn seanscéalta dhá n-inseacht agus daoine ag éisteacht leo, ní bhíonn aon droch-chaint, aon bhéadán ná aon tseamsánacht ann
TUILLEADH (2) ▼
Ba mhó an sásamh a bhí ar an saol le linn na seandhaoine. Ní iarrfaidís go deo ach ag inseacht scéalta. Agus ní raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht ariamh in éindí. Is cuma leis an líne atá ann anois é ach a bheith ag bearrthóireacht agus ag baint fogha is easpa as chuile dhuine. Diabhal aird ar bith a bheadh ar aon scéal acu. Ba mhór an tsiamsa iad na scéalta muis
Éirigh as an nathaíocht sin agus inis amach scéal breá. Nach bhfuil Turas Fhinn go Crích Lochlainn agat? … Is mór an-feall muis. San áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht adeir siad.
 
M'anam muise mura mbeadh mise le dhéanamh dobrónach ach a bhás sin, gur beag an dobrón a bheadh orm. Dheamhan ar mhiste liom dhá mbeadh a bhfuil de cheannphoirteachaí faoin domhain imithe. Is beag an scéal iad sin: ag ullmhúchan scléipe agus achrainn agus diabhlaíochta