Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diucaireacht
ainm-briathar
ag árdú agus ag ísliú cinn; mar a bheadh duine a bheadh isan áirdeall ar chúla claidhe (ducking? — Béarla?)
+
Chaith sé an lá annsin thíos ag diucaireacht uirre, agus dheamhan steamar a bhí dhá bharr aige trathnóna
Bhí an faoilleán ag diucaireacht agus ag diucaireacht agus ag diucaireacht istigh 'san teach. Dheamhan feic a chonnaic tú ariamh go dtí é
TUILLEADH (1) ▼
Sin í a cheird sin ó dhubh go dubh ag diucaireacht ar chúla claidheachaí 'bhfeicidh sé cé a bhéas ag dul thart, gan é féin a thabhairt le teasbánadh