diocaireacht
—ainm briathartha
—
ag ardú agus ag ísliú cinn; mar a bheadh duine a bheadh san airdeall ar chúla claí (ducking? — Béarla?)
+–
Chaith sé an lá ansin thíos ag diocaireacht uirthi, agus dheamhan steamar a bhí dhá bharr aige tráthnóna
Bhí an faoileán ag diocaireacht agus ag diocaireacht agus ag diocaireacht istigh sa teach. Dheamhan feic a chonaic tú ariamh go dtí é
TUILLEADH (1) ▼
Sin í a cheird sin ó dhubh go dubh, ag diocaireacht ar chúla claíochaí go bhfeice sé cé a bheas ag dul thart, gan é féin a thabhairt le taispeánadh