Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Doimhniú
/dəiv′ɴ′ū/ : /dev′ɴ′ū/
briathar as domhainn
a dhéanamh domhainn.
+
Breagh nach ndoimhnigheann sib an tobar sin, agus ní thriomóchadh sé aon-lá 'sa mbliain. Ach níor glanadh fhéin anois é le na cianta
Shílfeá go bhfuil an scáine sin ag doimhniú 'sa mballa. Tá an balla sin scartha uiliog. Is gearr an seasamh a dheanfas sé, mara leagtar go talamh é agus a dhéanamh as an nuadh
TUILLEADH (3) ▼
Ní mór dhuit an chlaise a dhoimhniú thairis sin. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sí calctha uilig. Níor baineadh an fód marbh di le fada an lá
Doimhneochaidh mé an chuid íochtair de'n phortach agus caithfidh mé an cúntar sin as ar fad. B'fhéidir go dtarraingeochadh sé an t-uisce annsin.
Ní imbéal an tóchair atá agad a doimhniú chor ar bith, ach doimhnigh thíos ar an taobh eile í. Níl an tóchar tachttha chor ar bith