Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doimhnigh
briathar as domhain
ainm briathartha: doimhniú /dəiv′ɴ′ū/, /dev′ɴ′ū/
a dhéanamh domhain.
+
Breá nach ndoimhníonn sibh an tobar sin, agus ní thriomódh sé aon lá sa mbliain. Ach níor glanadh fhéin anois é le na cianta
Shílfeá go bhfuil an scáineadh sin ag doimhniú sa mballa. Tá an balla sin scartha uileag. Is gearr an seasamh a dhéanfas sé, mura leagtar go talamh é agus a dhéanamh as an nua
TUILLEADH (3) ▼
Ní mór dhuit an chlaise a dhoimhniú thairis sin. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sí calctha uilig. Níor baineadh an fód marbh di le fada an lá
Doimhneoidh mé an chuid íochtair den phortach agus caithfidh mé an cuntar sin as ar fad. B'fhéidir go dtarraingeodh sé an t-uisce ansin.
Ní i mbéal an tóchair atá agat a doimhniú chor ar bith, ach doimhnigh thíos ar an taobh eile í. Níl an tóchar tachta chor ar bith