Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Doineannta
aidiacht as doineann
malrait: soineannta
garbh; fliuch, fiadháin, "coimhigheach", "mór", fuar deallruighthe, in a chithréabacha le gála agus báistigh (Ní bhíonn sé an-choitianta i gcaint).
+
Is doineannta an uair í. Agus níl aon-dheagh-ghothadh ar an trathnóna anocht ach oiread
Tháinic sé an-doineannta anois le mí. Ní raibh gaisce ar bith air roimhe sin féin
TUILLEADH (1) ▼
Tiubharfaidh sé an ghealach seo uaidh doineannta anois. 'Bhfeiceann tú an garrdha atá uirre anocht? Ní maith an dóigh d'fhéar é sin

Féach freisin