Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doineanta
aidiacht as doineann
malrait: soineanta
 garbh; fliuch, fiáin, "coimhthíoch", "mór", fuar deallraithe, ina chíréabacha le gála agus báistigh. Ní bhíonn sé an-choitianta i gcaint.
+
Is doineanta an uair í. Agus níl aon dhea-ghotha ar an tráthnóna anocht ach oiread
Tháinig sé an-doineanta anois le mí. Ní raibh gaisce ar bith air roimhe sin féin
TUILLEADH (1) ▼
Tabharfaidh sé an ghealach seo uaidh doineanta anois. An bhfeiceann tú an garraí atá uirthi anocht? Ní maith an dóigh d'fhéar é sin

Féach freisin