Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Doirseóir
/dors̅̍ōr′/: /rs̅̍/ Chois Fhairrge, nó /dorsōr′/
ainm-fhocal fireann
geineamhnach uathaidh: an doirseora
uimhir iolraidh: doirseoirí
fear dorais; fear arbh í a cheird freastal do dhoras, dhá oscailt agus dhá dhúnadh de réir mar a bheadh cáll leis.
+
Ní leigfeadh doirseoir an "hotel" isteach muid
Bhí sé in a dhoirseóir idteach mór i Sasana
TUILLEADH (1) ▼
'Sé D. a bhí in a dhoirseóir, agus ní eiteochadh sé neach an aoin faoi dheoch. Dhá mbeadh fear an tighe fhéin ann, ní bheadh an oiread sin buige shíneadh ann, ná baoghal air