Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doirseoir
/dors̅̍ōr′/, /rs̅̍/ Chois Fharraige, nó /dorsōr′/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an doirseora
uimhir iolra: doirseoirí
fear dorais; fear arbh í a cheird freastal do dhoras, dhá oscailt agus dhá dhúnadh de réir mar a bheadh call leis.
+
Ní ligfeadh doirseoir an hotel isteach muid
Bhí sé ina dhoirseoir i dteach mór i Sasana
TUILLEADH (1) ▼
'Sé D. a bhí ina dhoirseoir, agus ní eiteodh sé neach an aoin faoi dheoch. Dhá mbeadh fear an tí fhéin ann, ní bheadh an oiread sin boige shíne ann, ná baol air