Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Donas
ainm-fhocal, fireann
geiniúnach uathaidh agus ainmneach iolraidh: donais
tubaiste, míádh, catmara, míofhortún, smál, mísc, dochar.
+
Sin é an donas i gcomhnaí, nuair a bhéas duine eicínt ann nach dtiocfaidh le comhar = míádh
Tá an donas ar an aimsir seo = míádh, "an diabhal", an catmara le donacht
TUILLEADH (3) ▼
Sin é a rinne an donas orm nach ndeachaidh mé ann in am.
Ag an donas go raibh sé féin agus a chuid féir! Nach bhfuil féar le crapadh againn féin = ag an diabhal
Tá an donas ort. Ní fhaca mé do mhacsamhail ariamh le ámhailleacht
+
Is beag ag fear an chumais an donas a dhéanamh (sean-fhocal) = an té atá láidir, ní carghas leis míostáid nó mísc a dhéanamh
Ab iad na Meiriocánaí sin! Ab iad sin riu! Tá an báire leo anois, agus tig leo a rogha rud a dhéanamh, bíodh sé go maith nó go h-olc. Ar chuala tú ariamh é? Is beag ag fear an chumais an donas a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Is maith nach mór dhuit a bheith ar do mhaidí nó gheobhfaidh tú droch-iarraidh ó'n diabhlánach siúd. Is beag ag fear an chumais an donas a dhéanamh
+
Ní bhíonn an sonas gan an donas a bheith in a orlaí thríd (sean-fhocal) = má bhíonn an sonas ar béala, bíonn an donas go dlúth len a chúl; there are no unmixed blessings
Sin é an chaoi a chuidín. Ní túisce a eiríos rud linn ná a theagas rud eicínt eile a bhaineas an mhaith as. Is minic amhlaidh é. Ar chuala tú ariamh é, nach dtáinig an sonas gan an donas a bheith in a orlaí thríd
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh sé ach cheithre lá pósta nuair a cailleadh a mháthair, agus b'éigin dó a theacht abhaile aríst. Is cóir adeir siad nach raibh an sonas ariamh gan an donas a bheith in a orlaí thríd. Is amhlaidh a bhí sé ariamh san saol
Tá fuílleach airgid agam. An oiread agus nach bhfeicfidh mise caithte go deó. Ach cén mhaith sin, agus ceann an tí go ndéanaidh Dia grásta uirre imithe. Ní bhíonn an sonas gan an donas a bheith in a orlaí thríd
·
Ní sonas é sin chor ar bith ach donas. An té a bhfeicfidh tú rith sonais mar sin air, is minic nach mbíonn ann ach teasbánadh. Bíonn sé indiaidh an airgid, agus tugann Dia dhó é, ach cén mhaith do dhuine an t-airgead, mara bhfuil grádh Dé in a chroí. Is mó an donas go mór é
Is minic nach mbeadh a fhios ag duine cés fhearr an donas ná an sonas. An té a bhfeicfidh tú an mhaoin aige freisin, bíonn a anshógh fhéin air, agus deir siad nach bhfuil aon-ghaol ag an diabhal leis an duine bocht
+
Ba é lom an donais mhóir dó ar aon-chor a dhul go Sasana. Ach marach go raibh sé len aghaidh, chreidim nach ann a bheadh fód a bháis = ba mhór an míádh dó agus rl.
Nach thú a rinne lom an donais mhóir an chéad lá ariamh ar phós tú í sin. Ach ní raibh tú gabhthach le comhairle. Dhá dteightheá san áit ar h-iarradh ort a dhul …
TUILLEADH (1) ▼
Ní ag cur aithne ort é, ach sé lom an donais mhóir duit a dhul ag ceannacht an stolpáin sin. 'Ar ndú níl sé feilteach ag tada ach ag naoscannaí. Cíocraí agus bogachaí …
·
Bíonn sonas indiaidh na simplíocht agus donas indiaidh na sraoillíocht' (sean-fhocal) (ach séard adeirtear go h-iondúil: "bíonn an sonas indiaidh na sraoillíocht". "Is minic mioscán ag sraoill agus bean mhaith gan tada")

Féach freisin

don

Donas in iontrálacha eile (1)

 
don
Donas t'iaraí ort agus éist liom. Nach thú atá caidéiseach. Nach mór a bhaineas sé dhuit céard a bhí sí a dhéanamh annseo. Bhí sí ag déanamh a gnatha. Baineann chuile mhíle rud do chuid de na daoine i leabaidh dóib a bheith amuigh in éadan a gcuid oibre