Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
donas
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus ainmneach iolra: donais
 tubaiste, mí-ádh, cat mara, mífhortún, smál, mísc, dochar.
+
Sin é an donas i gcónaí, nuair a bheas duine eicínt ann nach dtiocfaidh le comhar — mí-ádh
Tá an donas ar an aimsir seo — mí-ádh, an diabhal, an cat mara le donacht
TUILLEADH (3) ▼
Sin é a rinne an donas orm nach ndeachaigh mé ann in am
Ag an donas go raibh sé féin agus a chuid féir! Nach bhfuil féar le crapadh againn féin — ag an diabhal
Tá an donas ort. Ní fhaca mé do mhacasamhail ariamh le ábhailleacht
+
Is beag ag fear an chumais an donas a dhéanamh (seanfhocal) — an té atá láidir, ní carghas leis místaid nó mísc a dhéanamh
Ab iad na Meiriceánaí sin! Ab iad sin riu! Tá an báire leo anois, agus tig leo a rogha rud a dhéanamh, bíodh sé go maith nó go holc. Ar chuala tú ariamh é? Is beag ag fear an chumais an donas a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Is maith nach mór dhuit a bheith ar do mhaidí nó gheobhaidh tú drochiarraidh ón diabhlánach siúd. Is beag ag fear an chumais an donas a dhéanamh
+
Ní bhíonn an sonas gan an donas a bheith ina orlaí thríd (seanfhocal) — má bhíonn an sonas ar béala, bíonn an donas go dlúth lena chúl; there are no unmixed blessings
Sin é an chaoi a chuidín. Ní túisce a éiríos rud linn ná a theagas rud eicínt eile a bhaineas an mhaith as. Is minic amhlaidh é. Ar chuala tú ariamh é, nach dtáinig an sonas gan an donas a bheith ina orlaí thríd
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh sé ach cheithre lá pósta nuair a cailleadh a mháthair, agus b'éigean dó a theacht abhaile aríst. Is cóir adeir siad, nach raibh an sonas ariamh gan an donas a bheith ina orlaí thríd. Is amhlaidh a bhí sé ariamh sa saol
Tá fuílleach airgid agam. An oiread is nach bhfeicfidh mise caite go deo. Ach cén mhaith sin, agus ceann an tí go ndéana Dia grásta uirthi imithe. Ní bhíonn an sonas gan an donas a bheith ina orlaí thríd
·
Ní sonas é sin chor ar bith ach donas. An té a bhfeicfidh tú rith sonais mar sin air, is minic nach mbíonn ann ach taispeánadh. Bíonn sé i ndiaidh an airgid, agus tugann Dia dhó é, ach cén mhaith do dhuine an t-airgead mura bhfuil grá Dé ina chroí. Is mó an donas go mór é
Is minic nach mbeadh a fhios ag duine cé is fhearr an donas ná an sonas. An té a bhfeicfidh tú an mhaoin aige freisin, bíonn a anó fhéin air, agus deir siad nach bhfuil aon ghaol ag an diabhal leis an duine bocht
+
Ba é lom an donais mhóir dó ar aon chor a dhul go Sasana. Ach murach go raibh sé lena aghaidh, chreidim nach ann a bheadh fód a bháis — ba mhór an mí-ádh dó srl.
Nach thú a rinne lom an donais mhóir an chéad lá ariamh ar phós tú í sin. Ach ní raibh tú gafach le comhairle. Dhá dtéiteá san áit ar hiarradh ort a dhul …
TUILLEADH (1) ▼
Ní ag cur aithne ort é, ach sé lom an donais mhóir duit a dhul ag ceannacht an stolpáin sin. Ar ndóigh níl sé feilteach ag tada ach ag naoscannaí. Cíocraí agus bogachaí …
·
Bíonn sonas i ndiaidh na simplíocht agus donas i ndiaidh na sraoillíochta (seanfhocal) ach séard adeirtear go hiondúil: Bíonn an sonas i ndiaidh na sraoillíocht, Is minic meascán ag sraoill, agus bean mhaith gan tada

Féach freisin

don

donas in iontrálacha eile (1)

 
don
Donas t'fhiafraí ort agus éist liom. Nach thú atá caidéiseach. Nach mór a bhaineas sé dhuit céard a bhí sí a dhéanamh anseo. Bhí sí ag déanamh a gnaithe. Baineann chuile mhíle rud do chuid de na daoine, i leaba dóibh a bheith amuigh in éadan a gcuid oibre