Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
donán, donáinín
ainm-fhocla as dona
fc. donóg, donánach.
rud ar bith atá suarach éidtreorach meathta. Duine, beitheach, éan ná iasc nach bhfuil biseach ná lúd ann.
+
Tá an donáinín sin muise cho suimiúil le fear ar fónamh. Cén bhrí ach go gcuirfeá seacht n-iomairí agus seacht n-eitrí uait an dreóláinín bocht de shéideóig
Cé a thiúrfadh bean den donáinín sin? Beannacht Dé dhuit! Is mó an chruadhóig sagairt ná an chruadhóig mná atá air
TUILLEADH (2) ▼
Tá brat clann mhac aige agus gan ionnta ar fad ach donáin dhona. Má shíolraíonn siad siúd, cuirfidh siad na bólaí seo 'un meathtachais agus an bhrothtuinn atá aca ann
Domhnaillín de dhonáinín de mhac atá ag T. S. annsin thoir a fhobair cíor-thuaifeall a dhéanamh de'n aonach inniu ag iarraidh achrainn; nuair nach mbéarfadh duine eicínt ar an arc salach agus a bháthadh i bpionta pórtair. Ach chreidim go mba mhór an carghas le aonduine pionta breá pórtair a chur amú leis
+
Ní fiú dhuit a dhul ag fiachadh ar an donán bocht. Scaoil amach aríst é. Is gearr gurb é an cut a bhéas ag creinneadh a chnámha ar aon-chor = éinín beag
Go deimhin is gearr an bás ó'n laogh beag sin thíos aige. Tá diúc air istigh faoin gclaidhe leis an bhfuacht. Níl ann ach donán, ná i laogh ar bith eile a tháinig ó'n tarbh sin thiar
TUILLEADH (3) ▼
Céard a bhéarfadh an breac sin a bheith len ithe! Ní íosfadh duine ar bith donán de'n tsórt sin = breac beag suarach: cloigeann cruachán nó mac siúáine nó gearradh méinín nó a leithide
Cuirigidh an donáinín de ghadhar sin as mo bhealach nó cuirfidh mé de chic ar an tsráid é. Is mór an úais a bheith ag breathnú air
Ní fhaca mé aon-donán d'uan in mo shaol ariamh mar é. Dheamhan ionga ná orlach a tháinic air ón lá ar rugadh é, ná a thiocfas ach oiread

Féach freisin

dona