Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
donán, donáinín
ainmfhocla as dona
 rud ar bith atá suarach éidreorach meata. Duine, beathach, éan ná iasc nach bhfuil biseach ná lúd ann.
+
Tá an donáinín sin muise chomh suimiúil le fear ar fónamh. Cén bhrí ach go gcuirfeá seacht n-iomairí agus seacht n-eitrí uait an dreoláinín bocht de shéideoig
Cé a thabharfadh bean don donáinín sin? Beannacht Dé dhuit! Is mó an chruóig sagairt ná an chruóig mná atá air
TUILLEADH (2) ▼
Tá brat clann mhac aige agus gan iontu ar fad ach donáin dhona. Má shíolraíonn siad siúd, cuirfidh siad na bólaí seo chun meatachais agus an bhratainn atá acu ann
Dónaillín de dhonáinín de mhac atá ag T. S. ansin thoir a fhóbair cíorthuaifeal a dhéanamh den aonach inniu ag iarraidh achrainn; nuair nach mbéarfadh duine eicínt ar an arc salach agus a bháthadh i bpionta pórtair. Ach chreidim go mba mhór an carghas le aon duine pionta breá pórtair a chur amú leis
+
Ní fiú dhuit a dhul ag fiachadh ar an donán bocht. Scaoil amach aríst é. Is gearr gurb é an cat a bheas ag crinneadh a chnámha ar aon chor — éinín beag
Go deimhin is gearr an bás ón lao beag sin thíos aige. Tá dioc air istigh faoin gclaí leis an bhfuacht. Níl ann ach donán, ná i lao ar bith eile a tháinig ón tarbh sin thiar
TUILLEADH (3) ▼
Céard a bhéarfadh an breac sin a bheith le n-ithe! Ní íosfadh duine ar bith donán den tsórt sin — breac beag suarach: cloigeann cruachán nó mac siobháine nó gearradh méinín nó a leithide
Cuirigí an donáinín de ghadhar sin as mo bhealach nó cuirfidh mé de chic ar an tsráid é. Is mór an úis a bheith ag breathnú air
Ní fhaca mé aon donán d'uan in mo shaol ariamh mar é. Dheamhan ionga ná orlach a tháinig air ón lá ar rugadh é, ná a thiocfas ach oiread

Féach freisin

dona