—
meath-dhuibheacht; duibheacht; ré-dhorcha; an oíche.
+–
Bhí dorchadas (dorchacht) na h-oíche ann
Má sheasann an dorchadas seo i bhfad, ní mór daoib a bheith ag crapadh an fhéir. B'fhéidir gur múr a dhéanfadh sé
TUILLEADH (7) ▼
Is mó an dorchadas atá anois ann ná ar ball. Ní bheadh muinín ar bith agam as an lá
Ní mór duinn a bheith imighthe roimh an dorchadas
Ní fhéadfaidh mé a dhul ann leis an dorchadas. Tá sé fánach agam
Bíonn sé amuigh ag obair le dorchadas maidne
Beidh an dorchadas ann roimh an sé anocht
Fan go dtí an dorchadas
Níl aon-tsásamh aige ann mara mbeidh sé amuigh le dorchadas na h-oíche. In a pháidín mheán-oíche a bhí sé ariamh fhéin
+–
Tá an-dorchadas ar an bhfairrge
Tá an dorchadas sin ag leathnú amach ar an aer
TUILLEADH (4) ▼
Dorchadas rabharta é sin
Tá an dorchadas ag imeacht aríst. B'fhéidir go scairtfeadh an lá amach
Dhá ndéanadh an dorchadas sin imeacht leigfinn amach an ghlaicín fhéir sin thuas
Tá an-dorchadas den tsaoghal ag teacht san lá ('san spéir agus rl.)
Dorchadas in iontrálacha eile (2)
→
dall 1
Dheamhan call coinneal duit. Is maith dhuinn againn sa dorchadas féin é. Is léar do'n dall a bhéal, adeir siad
Tá mé an-drilleach anois le tamall hébrí céard atá ag dul dom. Níl mé indon comhnaí a dhéanamh in áit ar bith. Tá mé cho priaclach len a bhfaca tú ariamh agus ní lughar liom an saoghal mór ná a dhul a chodladh 'san oíche. D'fhanfainn in mo shuidhe go maidin, marach leisce a bheith orm daoine a choinneál ó chodladh. Bíonn scáth orm roimh an dorchadas