Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dorchadas
/durəxədəs/, /durxədəs/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an dorchadais
meathdhuibheacht; duibheacht; rédhorcha; an oíche.
+
Bhí dorchadas (dorchacht) na hoíche ann
Má sheasann an dorchadas seo i bhfad, ní mór daoibh a bheith ag crapadh an fhéir. B'fhéidir gur múr a dhéanfadh sé
TUILLEADH (7) ▼
Is mó an dorchadas atá anois ann ná ar ball. Ní bheadh muinín ar bith agam as an lá
Ní mór dúinn a bheith imithe roimh an dorchadas
Ní fhéadfaidh mé a dhul ann leis an dorchadas. Tá sé fánach agam
Bíonn sé amuigh ag obair le dorchadas maidne
Beidh an dorchadas ann roimh an sé anocht
Fan go dtí an dorchadas
Níl aon tsásamh aige ann mura mbeidh sé amuigh le dorchadas na hoíche. Ina Pháidín mheán oíche a bhí sé ariamh fhéin
+
Tá an-dorchadas ar an bhfarraige
Tá an dorchadas sin ag leathnú amach ar an aer
TUILLEADH (4) ▼
Dorchadas rabharta é sin
Tá an dorchadas ag imeacht aríst. B'fhéidir go scairtfeadh an lá amach
Dhá ndéanadh an dorchadas sin imeacht, ligfinn amach an ghlaicín fhéir sin thuas
Tá an-dorchadas den tsaol ag teacht sa lá (sa spéir srl.)

dorchadas in iontrálacha eile (2)

 
dall 1
Dheamhan call coinneal duit. Is maith dhúinn againn sa dorchadas féin é. Is léir don dall a bhéal adeir siad
 
Tá mé an-drithleach anois le tamall hé brí céard atá ag dul dom. Níl mé in ann cónaí a dhéanamh in áit ar bith. Tá mé chomh priaclach lena bhfaca tú ariamh agus ní luar liom an saol mór ná a dhul a chodladh san oíche. D'fhanfainn in mo shuí go maidin, murach leisce a bheith orm daoine a choinneáil ó chodladh. Bíonn scáth orm roimh an dorchadas