Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dreoighteacht
/d′r′ōt′əxd/; /ɡ′r′ōt′əxd/ corr-uair
ainm-fhocal ag freagairt do'n aidiacht dreoighte, agus do'n bhriathar dreoghadh
rodadh; támáilteacht; téidheadh; meath-lobhadh, blas colamhail.
+
Nachar dhubhairt mé leat go mbeadh dreoighteacht air, agus ní chuirfeadh fear agus píce iallach ort a leigint amach aríst in a dheidh sin. Oibrigh ort anois! A chomhairle fhéin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa. Ara diabhal dreoghchan ná dreoghchan ar an bhféar sin. Céard a bhéarfadh dreoighte dhó, scáth an dá bhraoinín báistighe sin a buaileadh air. M'anam dhá mbeadh dreoighteacht air, gurbh fhurast aithinte é
Ní dreoighteacht féin atá air, ach tá sé in a chreathnach. Tá a fhios agadsa é a T. Bhí tú ag gearradh na gcriosannaí ar na dornáin indiu. An bhfuil a fhios agad céard adubhairt fear an "Thrasher" faoi nuair a bhí sé buailte aige. Níorbh fhiú dhuit cailleadh leis len a bhualadh, adeir sé
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag tarraint soir i bpas anois, nach mbeidh aon-dreoighteacht ag dul do'n arbhar ann, soir 'sna P. sin. Bíonn an chéad-scoth annsin. Ach 'sé an rud céadna leis siúd é an chéad scoth nó an cúigeadh scoth. An t-airgead céadna a bhaineas sé amach
Má airigheann sí sórt blas dreoighteacht' ar bith ar an ngábhail a leagfas tú chuice, ní bhalóchaidh sí dhó amháin. Tá sí cho h-éiseallach leis an duine. De chineál caiple an-fhuileamhail í sin. Ó stail Ph. Mh. Mh. í.

Féach freisin