Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dreoiteacht
/d′r′ōt′əxd/; /ɡ′r′ōt′əxd/ corruair
ainmfhocal ag freagairt don aidiacht dreoite, agus don bhriathar dreoigh
 rodadh; támáilteacht; téamh; meathlobhadh, blas colúil.
+
Nár dhúirt mé leat go mbeadh dreoiteacht air, agus ní chuirfeadh fear agus píce iallach ort a ligint amach aríst ina dhiaidh sin. Oibrigh ort anois! A chomhairle fhéin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa. Ara diabhal dreochan ná dreochan ar an bhféar sin. Céard a bhéarfadh dreoite dhó, scáth an dá bhraoinín báistí sin a buaileadh air. M'anam dhá mbeadh dreoiteacht air, gurbh fhurasta a aithinte é
Ní dreoiteacht féin atá air, ach tá sé ina chreathnach. Tá a fhios agatsa é a T. Bhí tú ag gearradh na gcriosannaí ar na dornáin inniu. An bhfuil a fhios agat céard adúirt fear an thrasher faoi nuair a bhí sé buailte aige. Níorbh fhiú dhuit cailleadh leis lena bhualadh adeir sé
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag tarraingt soir i bpas anois, nach mbeidh aon dreoiteacht ag dul don arbhar ann, soir sna P. sin. Bíonn an chéad scoth ansin. Ach 'sé an rud céanna leis siúd é an chéad scoth nó an cúigiú scoth. An t-airgead céanna a bhaineas sé amach
Má airíonn sí sórt blas dreoiteachta ar bith ar an ngabháil a leagfas tú chuici, ní bholóidh sí dhó amháin. Tá sí chomh héisealach leis an duine. De chineál caiple an-fhuiliúil í sin. Ó stail Ph. Mh. Mh. í.

Féach freisin