drochdhíolaí
—
+–
Is droch-dhíolaidhe í. Dheamhan níos measa ins an tír. Tá cut crochta roimpe anois ins 'chuile shiopa soir annsin cé's moite de tigh Ph. Tá sí ar a té(icheadh) ó'n gcuid eile. Is gearr go bhfeicidh tú P. féin sáthach bréan di, ach seans go bhfuil sí ag íoc ar an táirnge annsin
Ba droch-dhíolaidhe a bhí ins an athair. Bhíodh próiseannaí ag teacht 'chuile lá aige de bharr fiacha ar fud na G. Chinn orra aon-cheo a bhaint dó in a dheidh sin. Ach an uair a d'eirigh an áit leis an mac, ghlan sé a raibh d'fhiacha ann. Dheamhan call a bheadh dó aon-phighinn a íoc go bráth, mar ní raibh siad ag súil leis, bhí an t-airgead cho fada sin amuigh. Ach d'íoc sé 'chuile phighinn amháin: i gcruthamhnas duit in a dheidh sin gur fearr sean-fhiacha ná sean-fhala
TUILLEADH (3) ▼
Droch-dhíoluidhe ceart é. Níor íoc sé aon-cheo ariamh go gcinneadh air. An uair a bhíodh muid ag tabhairt cíosa don L. fadó, ní fhaca an lá cáirde ariamh ach salach é. Dhá mbeadh sé ag pléidh le aon-mháistir eile ins an tír bheadh scéal aige air. Ní fhágfaí ins an tseilbh chor ar bith é
Dá mbeitheá ag déileáil leis, níor mhiste dhuit a bheith in do dhroch-dhíoluidhe thar a bheith in do dheagh-dhíoluidhe, gheobhfá a dteastóchadh uait uaidh. Nach hé atá ag coinneál an dream' sin siar beo. Ach an té nach dtaobhuigheann é ach go h-annamh, ní thiubharfadh sé biorán beag — agus is fánach an rud é — dó gan an seachadadh-amach. Aithnigheann sé a dhuine féin i gcomhnuí
Ghreamuigh sé dhó sin a bheith in a dhroch-dhíolaidhe. 'Ar ndú' bhí cáil na máthar i bhfad agus i ngearr. Bhíodh sí i gcomhnuí ag imeacht ag iarratas agus an té a thiubharfadh áird uirre ní dhéanfadh sí aon-díolaidheacht go bráth leis. Bhí sí uair annseo agus cíos ag teacht treasna uirre, agus tháinic sí aníos chugam agus mé ag obair ingarrdha na L. Thug mé chúig phunt di go dtí lá an aonaigh a bhí chugad, má b'fhíor di féin. Bhí airgead an uair sin ann in a shnáthmara le linn an Chogaidh. Tháinig lá an aonaigh agus d'imigh sé ach ní raibh aon-chaint ar mo chúig phunt. Chaith mé an tsíorraidheacht ag tuineadh léithe shul á fuair mé é. Bhí an mhaith bainte as faoi dheireadh, ag fanacht leis
Féach freisin
→
díolaí