Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochdhíolaí
+
Is drochdhíolaí í. Dheamhan níos measa sa tír. Tá cat crochta roimpi anois ins chuile shiopa soir ansin cé is moite de tigh Ph. Tá sí ar a teitheadh ón gcuid eile. Is gearr go bhfeice tú P. féin sách bréan di, ach seans go bhfuil sí ag íoc ar an tairne ansin
Ba drochdhíolaí a bhí san athair. Bhíodh próiseannaí ag teacht chuile lá aige de bharr fiacha ar fud na G. Chinn orthu aon cheo a bhaint dó ina dhiaidh sin. Ach nuair a d'éirigh an áit leis an mac, ghlan sé a raibh d'fhiacha ann. Dheamhan call a bheadh dó aon phínn a íoc go brách, mar ní raibh siad ag súil leis, bhí an t-airgead chomh fada sin amuigh. Ach d'íoc sé chuile phínn amháin: i gcruthúnas duit ina dhiaidh sin gur fearr seanfhiacha ná seanfhala
TUILLEADH (3) ▼
Drochdhíolaí ceart é. Níor íoc sé aon cheo ariamh go gcinneadh air. Nuair a bhíodh muid ag tabhairt cíosa don L. fadó, ní fhaca an lá cairde ariamh ach salach é. Dhá mbeadh sé ag plé le aon mháistir eile sa tír bheadh scéal aige air. Ní fhágfaí sa tseilbh chor ar bith é
Dá mbeifeá ag déileáil leis, níor mhiste dhuit a bheith in do dhrochdhíolaí thar a bheith in do dhea-dhíolaí, gheofá a dteastódh uait uaidh. Nach é atá ag coinneáil an dreama sin siar beo. Ach an té nach dtaobhaíonn é ach go hannamh, ní thabharfadh sé biorán beag — agus is fánach an rud é — dó gan an seachadadh amach. Aithníonn sé a dhuine féin i gcónaí
Ghreamaigh sé dhó sin a bheith ina dhrochdhíolaí. Ar ndóigh bhí cáil na máthar i bhfad agus i ngearr. Bhíodh sí i gcónaí ag imeacht ag iarratas agus an té a thabharfadh aird uirthi ní dhéanfadh sí aon díolaíocht go brách leis. Bhí sí uair anseo agus cíos ag teacht trasna uirthi, agus tháinig sí aníos chugam agus mé ag obair i ngarraí na L. Thug mé chúig phunt di go dtí lá an aonaigh a bhí chugat, má b'fhíor di féin. Bhí airgead an uair sin ann ina shnáth mara le linn an chogaidh. Tháinig lá an aonaigh agus d'imigh sé ach ní raibh aon chaint ar mo chúig phunt. Chaith mé an tsíoraíocht ag tuineadh léithe shula fuair mé é. Bhí an mhaith bainte as faoi dheireadh, ag fanacht leis

Féach freisin

drochdhíolaí in iontrálacha eile (2)

 
dlús
Mo chomhairlese dhuit dlús a chur le do chuid airgid. Drochdhíolaí é sin. Ní mian leis scaradh le pingin ar bith dhá mbeidh aige. Buail síos go dtí é de mhaoil do mhainge agus abair leis é a thabhairt duit
 
droch-
Drochdhíolaí é (fc. díolaí)