Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drumainn, Druiminn
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh — drumainne
uimhir iolraidh — drumainní.
deirtear druiminn scaithtí
talamh crochta; scainimheáin chrochta; árd nó eirghe ins an talamh, in iomaire, i dtráigh agus rl.; druim nó leirg; druinnín.
+
Tá drumainn ins an iomaire. Chuir sé lán ar a lár, ach níor chuir sé a dhath ar na bruachannaí. B'fhurasta aithinte dhom gurb shin é an deis a bheadh orra, agus mé dhá bhfágáil aige. Tá smál eicínt ar an gceann céadna nach bhféadfadh sé tada a dhéanamh ceart
Bhí an-oibriú ins an bhfarraige le dhá oíche, ach shílfeá go bhfuil sí leigthe fúithe anocht, th'éis go bhfuil scoth-thaoille mhaith ann. Ach is beag an bhrigh í le h-ais na h-oíche aréir. An bhfaca tú an tráigh. Tá an-chartachán síos imbun an Characháin. Diabhal mé go bhfuil drumainn soir uiliog in iochtar na trágha leis an mbaint a rinne an fhairrge.
TUILLEADH (7) ▼
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil an drumainn sin suas ins an lag-pholl. Scrathachaí iad sin a baineadh de'n bhruach annseo an bhliain cheana, agus a caitheadh ann. Ní aithneochthá anois go raibh siad in a scrathachaí ariamh
Caithfidh tú an láighe a fháil agus na tuláin agus na tulógaí sin a bhaint. Tá drumainn suas uiliog ar bhruach an phortaigh. Nó go ndéantar é a mhíniú roint, ní féidir a scrathadh mar is ceart. Is danra an diabhal de bhínnse é, thar agus aon-cheann dhá bhfaca mise timcheall annseo
An bhfuil a fhios agad an áit a bhfuil an drumainn siúd thiar le claidhe. Tá a fhios go maith. Tá scainimheáin ann agus coll thuas leis an gclaidhe ó thuaidh. Annsin a bhí sé caithte
Tóruigh leat soir an drumainn sin thuas, in aice leis an scainimheáin, agus b'fhéidir go ndúiseochthá aon-cheann. Bíonn an áit sin beo leo. Tá sé faoi chasáin dearga ar fad
Níor shaothruigh mise an drumainn sin soir i lár an gharrdha ariamh, ná ní fhaca mé saothruighthe í, té (cé) go raibh sí saothruighthe ins an sean-reacht. Tá comharaidheacht na n-iomrachaí le feiceál innte fós.
Is fearr na cruacha a dhéanamh ar an drumainn sin ó dheas. Má bhíonn siad ann go h-Earrach seo chugainn, ní mór a ndéanamh in áit eicínt nach mbeidh aon-toidheacht fútha. Tá an-ionnlach aca ar an drumainn sin
Má thugann tusa faoi deara anois é, feicfidh tú go bhfuil druiminn ins an talamh ann siar fré chéile. Deir sé gurb shin é an áit a raibh an sean-bhóithrín fadó. Chreidim nach bóithrín a bhí ann ach casán, agus go mbadh mhaith in a chasán féin é ins an am sin.

Féach freisin