Druidim, Druideann, Dhruid agus rl.
—briathar.
—Doirt (doirtim, dhoirt, doirtfidh etc.) an fhuirm atá ar seo uilig cé's moite den aidiacht-bhriathar druidthe is an tsain-chéill a bhfuil sé thíos fút, ach tá an t-aidiacht-bhriathar, doirtthe, doirtí ann freisin. Deirtear "druid" freisin is an leagan "níor dhubhairt sé druid". Níl an chiall áirid "dúin" leis i.e. druid an dorus. Níl sin againn. Cuirfidh mé ar ghort an bhaile annseo freisin arae deirtear "ar dhuirt an bhaile", "ar dhuird an bhaile" freisin leis, agus is cosamhail gurb é an focal "druid" atá ann, fearacht mar atá sé sa bhfocal doirtim agus rl. (druid < duird = duirt < doirt?))
1.
teannadh, brughadh, corruighe, tarraingt, teacht ingar, triall go dtí, aistriú, gluaiseacht, deasú.
a.
+–
Doirt anuas ag an teine, agus ná bí do do chailleadh féin thuas annsin
An bhféadfá an bord sin a dhoirtim anonn scaithín eile, go bhféadaidh na daoine deasú tímpeall na teine?
TUILLEADH (7) ▼
Ba bheag eile siar a dhoirtfeadh an carr, 'nuair a bheadh sé thíos 'sa trinse
Doirt suas 'san leabaidh; agus fág bínn agamsa
Tá sí ag brath air doirtim isteach in aice an bhaile mhóir, an áit a mbeidh congar (comhgar) aice go dtí braoinín biotáile!
B'fhearr daoib iad a dhoirtim soir chois an chlaidhe as sin, agus gan iad a bheith i lár an bhealaigh
Is gearr go mbeidh mé ag doirtim aníos ó'n bhfairrge anois. Tá mé ionann agus réidh ann
Ar dhoirtim síos dom go dtí ceann an bhóithrín, cé a gheobhfainn rómham thíos ach é aríst
Tá sé in am a bheith ag doirtim 'nan Aifrinn chreidim
+–
Doirt amach uaim … sin é é … níl tú sáthach doirtthe uaim fós = brugh, deasuigh
Doirt amach ó'n gclaidhe sin. Tá sé ar bheidhil tuitim
TUILLEADH (1) ▼
Dhoirt sé cho fada ó láthair ó J. agus a leig an teach é, agus níorbh fhuláir dó féin gur dhoirt. Bhí an chloch 'san muinchille ag J. dó, ach leigean ar bith a fháil air
·
Doirt isteach ar an stól roint
Ní dhoirtfeadh sé amháin isteach ar an "sate", le áit a thabhairt do dhuine eicínt eile, ach é in aon-bhléitheach amháin annsiúd, agus gan goir a dhul isteach ná amach thairis. Shílfeá gur leis féin an bus ar fad
·
Doirt dhíom, nó cuirfidh mé ar shlatrachaí do dhroma ar an urlár thú = teann dhíom
Tá an slaghdán seo anois gan doirtim díom le dul 'un mhíosa = gan mé a fhágáil
+–
Tá an tart ag doirtim leis aríst muis, agus é a bheith ag dul soir = an tart ag teannadh leis; ag teacht air
Bíonn sé ar fheabhas nó go ndoirteann an tart leis. Nuair a dhoirteas, imeochaidh sé roimhe ag ól
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go raibh sé ag iarraidh doirtim síos léithe
b.
+–
Doirt léithe sin a mhic ó. Tá an éadáil aice sin = teann isteach léithe; teirigh ag cúirtéaracht léithe
Doirtfidh sé leis an gcailligh anois, de ghrádh an t-airgead a mhealladh uaithe
TUILLEADH (2) ▼
Má dhoirteann siad siúd isteach leis cuimleochaidh siad sop na geire dhó = má theannann siad, nó má shíneann siad leis; má ghníonn siad carthannas an-mhór air, imreochaidh siad air
Is beag de'n doirtim isteach sin a bheadh ann muis, dhá mbeadh a h-athair ag baile. Dhéanfadh an t-athair cuailín cnámh dhó dhá bhfaghadh sé timpeall a thighe é, agus dheamhan ceo de'n cheart nach mbeadh aige leis
2.
+–
Tá an áit druidthe le sionnaigh anois = beo leo; iad dubh-fhairsing ann ("druidthe" agus ní "doirtthe" adeirtear is an gcás seo igcomhnaí)
Nach ann a bhí na coiníní cupla bliain ó shoin, agus gan an ceann féin ann anois. Diabhal mé go mbíodh an áit seo druidthe leo roimhe seo, hébrí céard a chuir ar gcúl iad
TUILLEADH (10) ▼
Ní fhaca tú aon-áit ariamh a bhí cho druidthe le daoine leis. Ní bheadh aon-ghoir agad bealach a dhéanamh thríob
Tá an áit sin as éadan druidthe le driseachaí anois. Níl sé ineolta chor ar bith
Tá an garrdha sin thoir druidthe le fothannáin. Na h-asail a bhí a leigean isteach ann go ceann cupla lá. Siad a mbuac sin iad
Tá an cladach druidthe le feamainn dearg. Tá aoirde crann báid di i gC. an U.
Níl aon-fhata ag gabhail liom nach bhfuil druidthe le salachar. Tá pláigh fhlith isan ngarrdha sin thiar. Is mór an uais é
Bhí an cladach druidthe le iasc glas annsin an bhliain cheana ach má bhí fhéin, cé'n mhaith do na daoine é, 'nuair nach bhféadfaidís scair eangaigh a fháil in áit ar bith
Tá na sléibhte sin suas druidthe le caoirigh, ach cé'n mhaith sin, nuair nach bhfuil fear a bhfiafruighe le fáil. Ní bheadh cleas ar bith ab fhearr do dhuine a dhéanamh anois, dhá mbeadh aon-chaora aige, ná a marbhú agus a h-ithe
Tá na sean-chlaidheachaí sin amach druidthe leis an rud sin, an tsal chléithe, má's sal chléithe a thugas tú uirre. Is minic ariamh a bhí mé ag breathnú uirre, agus níor chuala mé sin fúithe ariamh
Bhí an clár druidthe le giúirinneachaí. Go deimhin, bhí sé ó mhaith aca, bhí sin
Níl aon-charraig annsin síos nach bhfuil druidthe le báirne, agus in a dheidh sin fhéin, tá sé saoghal agus aimsir ó a chonnaic mé toit bháirneach. Is blasta an biadh iad na báirne muise
·
Bhí an teach druidthe. Níl a fhios agam cérb as a dtáinic a leath. Déarfainn go raibh corr-ghiolla gan chuireadh ag smaoiseáil thart ann freisin = an teach ag dul thar maoil
Tá an teach seo druidthe le luchain bheaga anois, marab é an ghlaicín choirce sin a tharraing a n-aghaidh orainn
+–
Tá mé druidthe le neascóideachaí. Is dona a fhéadaim suidhe síos fhéin aca
Tá sé siúd druidthe le airgead, agus go deimhin má atá fhéin, ní hé an fear is fhearr faoi é ach oiread. Bíonn sé caillte críochnuighthe má bhíonn air scaradh le scilling
TUILLEADH (1) ▼
Tá na h-asail sin druidthe le míola. Ba cheart dhuit a nigheachán as rud eicínt
3.
+–
Tá sí ar dhuird (ar ghuirt, ar ghort, ar dhord agus rl.) an bhaile anois = tá sí inaice láithreach; buailte orainn
Dar príosta tá an Nodlaig ar dhuird an bhaile faoi dheireadh = is gearr uainn í anois
TUILLEADH (9) ▼
Ní mór tosuighe ag stócáil. Tá an t-Earrach ar dhoird an bhaile. Nach bhfuil sé in a Fhéil Bríde!
Má tá sí cho fada sin aniar nach bhfuil sí ar ghort an bhaile. Céard atá uirre ach dhá lá eile go mbeidh sí ar an mbaile seo! Lá ar an bP. agus lá ar an dá Sh. agus tiocfaidh sí againne annsin. An bhfuil a fhios céard atá sé a bhaint amach ar chruach choirce a bhualadh imbliana? Is cosamhail go bhfuil sé árduighthe thar mar a bhí sé anuiridh. Ní mórán is fiú dhuinne an buinín atá againn féin a bhualadh chor ar bith. Níl innte ach creannach
An bhfuil sé anoir cho fada sin. Diabhal mé go bhfuil sé ar ghort an bhaile mar sin. Tá sé ag tabhairt gearradh éadain dó imbliana. Níl sé ag leigean lá ar bith thairis, cé's moite de'n Domhnach féin, nach mbíonn éisteacht aige imbaile eicínt. Shílfeá go gcaitheann sé an-fhada 'sna tighthe. Bhí sé an h-aondéag shul a ndeachaidh sé soir as tigh Sh. S. an lá faoi dheireadh
Tá an Fhéil San Seáin ar dhuird an bhaile agus gan aon-turnapa curtha fós. Ná bacaighidh lib fhéin má leigeann sib an chéad mhí eile oraibh fhéin. Beidh sib d'uireasbhaidh turnapaí
Tuilleadh ghéar do'n diabhal aca anois. Tá an cogadh ar dhuird an bhaile aca féin (na Gearmánaigh). Ní raibh mórán scrubaill ionnta féin ag caitheamh anuas ar dhaoine bochta i Sasana. Ba bheag an luadh a bheadh aca tada a scaoileadh ar na ceannphuirteachaí móra. B'fhéidir go bhfuighidís maide dhá meadh féin anois
Mo choinsias tá an foghmhar ar ghort an bhaile. An bhfeiceann tú cho breactha agus atá an t-arbhar. Foghmhar luath é. Ní raibh sé mórán le i gcraoibh an t-am seo anuiridh
Sílim go mbadh ceart do'n rabharta a bheith ar dhuird an bhaile aríst. Cé'n chaoi a bhfuil an ghealach ar an aimsir seo?
Tá an posta ar ghort an bhaile anois. Nach shin é ceathramha do'n dó é! Níor cheart dó faice moille a bheith anois air
Tá an lá breagh anois ar ghort an bhaile, agus b'fhéidir go dtiubharfadh sé misneach duit le corruighe isteach agus amach