Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
druid
briathar
doirt (doirtim, dhoirt, doirtfidh srl.) an fhoirm atá ar seo uilig cé is moite den aidiacht bhriathartha druidte sa tsainchéill a bhfuil sé thíos fút, ach tá an t-aidiacht bhriathartha, doirte, doirtí ann freisin. Deirtear druid freisin sa leagan níor dhúirt sé druid (fc. druid). Níl an chiall áirid dún leis .i. druid an doras. Níl sin againn. Cuirfidh mé ar ghort an bhaile anseo freisin, arae deirtear ar dhuirt an bhaile, ar dhuird an bhaile freisin leis, agus is cosúil gurb é an focal druid atá ann, fearacht mar atá sé sa bhfocal doirtim srl. (druid < duird = duirt < doirt ?)
1.
teannadh, brú, corraí, tarraingt, teacht i ngar, triall go dtí, aistriú, gluaiseacht, deasú.
a.
+
Doirt anuas ag an tine agus ná bí do do chailleadh féin thuas ansin
An bhféadfá an bord sin a dhoirtim anonn scaithín eile go bhféada na daoine deasú timpeall na tine?
TUILLEADH (7) ▼
Ba bheag eile siar a dhoirtfeadh an carr nuair a bheadh sé thíos sa trinse
Doirt suas sa leaba; agus fág binn agamsa
Tá sí ag brath ar doirtim isteach in aice an bhaile mhóir an áit a mbeidh cóngar aici go dtí braoinín biotáille!
B'fhearr daoibh iad a dhoirtim soir chois an chlaí as sin agus gan iad a bheith i lár an bhealaigh
Is gearr go mbeidh mé ag doirtim aníos ón bhfarraige anois. Tá mé ionann is réidh ann
Ar dhoirtim síos dom go dtí ceann an bhóithrín, cé a gheobhainn romham thíos ach é aríst
Tá sé in am a bheith ag doirtim chun an aifrinn chreidim
+
Doirt amach uaim … sin é é … níl tú sách doirte uaim fós — brúigh, deasaigh
Doirt amach ón gclaí sin. Tá sé ar bheidhil titim
TUILLEADH (1) ▼
Dhoirt sé chomh fada ó láthair ó J. agus a lig an teach é, agus níorbh fholáir dó féin gur dhoirt. Bhí an chloch sa muinchille ag J. dó ach ligean ar bith a fháil air
·
Doirt isteach ar an stól roinnt
Ní dhoirtfeadh sé amháin isteach ar an sate, le áit a thabhairt do dhuine eicínt eile, ach é in aon bhleitheach amháin ansiúd agus gan gair a dhul isteach ná amach thairis. Shílfeá gur leis féin an bus ar fad
·
Doirt dhíom, nó cuirfidh mé ar shlatrachaí do dhroma ar an urlár thú — teann dhíom
Tá an slaghdán seo anois gan doirtim díom le dul chun mhíosa — gan mé a fhágáil
+
Tá an tart ag doirtim leis aríst muis, agus é a bheith ag dul soir — an tart ag teannadh leis; ag teacht air
Bíonn sé ar fheabhas nó go ndoirteann an tart leis. Nuair a dhoirteas, imeoidh sé roimhe ag ól
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go raibh sé ag iarraidh doirtim síos léithe
b.
+
Doirt léithe sin a mhic ó. Tá an éadáil aici sin — teann isteach léithe; téirigh ag cúirtéireacht léithe
Doirtfidh sé leis an gcailligh anois de ghrá an t-airgead a mhealladh uaithi
TUILLEADH (2) ▼
Má dhoirteann siad siúd isteach leis cuimleoidh siad sop na geire dhó — má theannann siad, nó má shíneann siad leis; má ghníonn siad carthanas an-mhór air, imreoidh siad air
Is beag den doirtim isteach sin a bheadh ann muis dhá mbeadh a hathair ag baile. Dhéanfadh an t-athair cuailín cnámh dhó dhá bhfaigheadh sé timpeall a thí é, agus dheamhan ceo den cheart nach mbeadh aige leis
2.
+
Tá an áit druidte le sionnaigh anois — beo leo; iad dubhfhairsing ann. druidte agus ní doirte adeirtear sa gcás seo i gcónaí
Nach ann a bhí na coiníní cupla bliain ó shin, agus gan an ceann féin ann anois. Diabhal mé go mbíodh an áit seo druidte leo roimhe seo, hé brí céard a chuir ar gcúl iad
TUILLEADH (10) ▼
Ní fhaca tú aon áit ariamh a bhí chomh druidte le daoine leis. Ní bheadh aon ghair agat bealach a dhéanamh thríob
Tá an áit sin as éadan druidte le driseachaí anois. Níl sé insheolta chor ar bith
Tá an garraí sin thoir druidte le fóthannáin. Na hasail a bhí a ligean isteach ann go ceann cupla lá. 'Siad a mbuac sin iad
Tá an cladach druidte le feamainn dearg. Tá airde crann báid di i gC. an U.
Níl aon fhata ag gabháil liom nach bhfuil druidte le salachar. Tá plá fhlith sa ngarraí sin thiar. Is mór an úis é
Bhí an cladach druidte le iasc glas ansin an bhliain cheana, ach má bhí fhéin, cén mhaith do na daoine é nuair nach bhféadfaidís scair eangaigh a fháil in áit ar bith
Tá na sléibhte sin suas druidte le caoirigh, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil fear a bhfiafraithe le fáil. Ní bheadh cleas ar bith ab fhearr do dhuine a dhéanamh anois, dhá mbeadh aon chaora aige, ná a marú agus a hithe
Tá na seanchlaíochaí sin amach druidte leis an rud sin, an tsail chléithe, más sail chléithe a thugas tú uirthi. Is minic ariamh a bhí mé ag breathnú uirthi agus níor chuala mé sin fúithi ariamh
Bhí an clár druidte le giúirinneachaí. Go deimhin, bhí sé ó mhaith acu, bhí sin
Níl aon charraig ansin síos nach bhfuil druidte le bairnigh, agus ina dhiaidh sin fhéin, tá sé saol is aimsir ó chonaic mé toit bhairneach. Is blasta an bia iad na bairnigh muise
·
Bhí an teach druidte. Níl a fhios agam cérb as a dtáinig a leath. Déarfainn go raibh corrghiolla gan chuireadh ag smaoiseáil thart ann freisin — an teach ag dul thar maoil
Tá an teach seo druidte le luchain bheaga anois, murab é an ghlaicín choirce sin a tharraing a n-aghaidh orainn
+
Tá mé druidte le neascóideachaí. Is dona a fhéadaim suí síos fhéin acu
Tá sé siúd druidte le airgead, agus go deimhin má tá fhéin, ní hé an fear is fhearr faoi é ach oiread. Bíonn sé caillte críochnaithe má bhíonn air scaradh le scilling
TUILLEADH (1) ▼
Tá na hasail sin druidte le míola. Ba cheart dhuit a níochán as rud eicínt
3.
+
Tá sí ar dhuird (ar ghoirt, ar ghort, ar dhord srl.) an bhaile anois — tá sí in aice láithreach; buailte orainn
Dar príosta tá an Nollaig ar dhuird an bhaile faoi dheireadh — is gearr uainn í anois
TUILLEADH (9) ▼
Ní mór tosaí ag stócáil. Tá an t-earrach ar dhuird an bhaile. Nach bhfuil sé ina Fhéil Bríde!
Má tá sí chomh fada sin aniar, nach bhfuil sí ar ghort an bhaile. Céard atá uirthi ach dhá lá eile go mbeidh sí ar an mbaile seo! Lá ar an bP. agus lá ar an dá Sh. agus tiocfaidh sí againne ansin. An bhfuil a fhios céard atá sé a bhaint amach ar chruach choirce a bhualadh i mbliana? Is cosúil go bhfuil sé ardaithe thar mar a bhí sé anuraidh. Ní mórán is fiú dhúinne an buinín atá againn féin a bhualadh chor ar bith. Níl inti ach creathnach
An bhfuil sé anoir chomh fada sin. Diabhal mé go bhfuil sé ar ghort an bhaile mar sin. Tá sé ag tabhairt gearradh éadain dó i mbliana. Níl sé ag ligean lá ar bith thairis, cé is moite den Domhnach féin, nach mbíonn éisteacht aige i mbaile eicínt. Shílfeá go gcaitheann sé an-fhada sna tithe. Bhí sé an haon déag shula ndeachaigh sé soir as tigh Sh. S. an lá faoi dheireadh
Tá an Fhéil San Seáin ar dhuird an bhaile agus gan aon tornapa curtha fós. Ná bacaidh libh fhéin má ligeann sibh an chéad mhí eile oraibh fhéin. Beidh sibh d'uireasa tornapaí
Tuilleadh ghéar den diabhal acu anois. Tá an cogadh ar dhuird an bhaile acu féin (na Gearmánaigh). Ní raibh mórán scrupaill iontu féin ag caitheamh anuas ar dhaoine bochta i Sasana. Ba bheag an lua a bheadh acu tada a scaoileadh ar na ceannphoirteachaí móra. B'fhéidir go bhfaighidís maide dhá meá féin anois
Mo choinsias tá an fómhar ar ghort an bhaile. An bhfeiceann tú chomh breactha agus atá an t-arbhar. Fómhar luath é. Ní raibh sé mórán le i gcraoibh an t-am seo anuraidh
Sílim go mba ceart don rabharta a bheith ar dhuird an bhaile aríst. Cén chaoi a bhfuil an ghealach ar an aimsir seo?
Tá an posta ar ghort an bhaile anois. Nach in é ceathrú don dó é! Níor cheart dó faice moille a bheith anois air
Tá an lá breá anois ar ghort an bhaile, agus b'fhéidir go dtabharfadh sé misneach duit le corraí isteach is amach

Féach freisin

dur
dún

druid in iontrálacha eile (11)

 
dealg
Níl sé inrásta a dhul chuig an teach aige anois chor ar bith le deilgne. Bhioraigh sé an iothlainn le sceacha, agus streachail na gasúir nó an gála anuas aríst iad agus tá an bóithrín druidte leo anois. Níl a fhios agam cén chaoi a seolann siad bó ar bith acu
 
Má théim ar dheasú na mbróg, ní chónóidh mé aríst go ceann seachtaine, ach leo. Tá an teach druidte le bróga éalangacha
 
díbir
Cuirfidh mé díbirt ar a bhfuil agaibh ann má chloisim druid eile uaibh. Breá nach mbeadh sibh ar an gceird seo sa mbaile agaibh féin. Ní bheadh, arae ní éistfí libh
+
díle 1
Cónaíonn an díle uisce ar an mbóthar sin go síoraí. Bíonn sé faoi uisce ar fad sa ngeimhreadh nuair a sceitheas an abhainn. Níl neart aige múirín a chaitheamh sa samhradh féin nach mbíonn sé druidte le balláin mar adeir an tÁrannach
TUILLEADH (1) ▼
Ar an dá luath is a n-ólann sé pintín pórtair, teagann an díle cainte dhó agus do dhúshlán ansin a chur ina thost go dtite sé. Neart sclaibéireachta a bhíos aige. Nuair a bhíos sé ar a chéill, ní bhíonn smid ná smeaid aige. Bheifeá ag cur maide siar ina bhéal agus dheamhan druid adéarfadh sé. Is aisteach an chaoi a dtéann an t-ól do chuid de na daoine
 
domhan
Níl aon chladach faoi thalamh an domhain is fhearr bráideannaí gliomach ná an cladach sin thíos. Tá a chomharthaíocht lena chois. Nach bhfeiceann tú é druidte le potaí?
 
drad
Bhainfí an drad ansiúd asat dhá n-abraíteá druid ar bith
 
Tá an áit druidte le bunannaí draighin
 
Tá an cosamar feamainne siúd ionann is lofa. Ní tada atá go fairsing inti ach dreancaidí mara. Tá sí druidte leo
 
droim
B'fhurasta duine a chur de dhroim tí san am sin. Bhí an dlí uileag dóibh féin ag na tiarnaí, agus ní raibh aon ghair ag an duine bocht druid a rá. Ach d'athraigh an saol ó shin. Is maith an scéal gur athraigh
 
Má chloisimse druid uait aríst go faoithin, cuirfidh mé droiminn ort le a dtabharfaidh mé de bhata dhuit. Ní hé a mhalrait atá tú a thuaradh dhuit féin; ag imeacht ag cur allais asat ansin, agus gan méir i gcluais le cloisteáil agat. Nach breá nach mbeifeá cuibhiúil fearacht do leithide ar bith sa tír, agus gan na daoine a náiriú