Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubhchosach
/duxosəx/
cineál fáis atá sna scáiniúchaí sna h-uláin nó sna leacrachaí in Árainn. D'fheicfeá í i scoiltiúchaí agus gan tada ann ach an t-ulán corpanta. Bíonn airde mhaith inte. Loirgne caola dubha uirre agus billeoigíní glasa míne eangacha. Níl fás ar bith is séimhe ná is míne ná í. Níl sí i gConamara chor ar bith cho fada le mo bharúil (maiden hair fern).
·
Tá tú ar luirg na dubhchosaí! 'Sbainfidh mise dhuit anois í … Ní shin í go h-áirid. Sin sceamhachaí fia. Tá sí annseo thíos sna h-uláin. Bíonn an-tóir ag na strainséaraí uirre. Árdaíonn siad glac di leo i gcomhnaí nuair a bhíos siad annseo … An bhfeiceann tú anois í? Sin í anois an dubhchosach. Cheal nach mbíonn sí amuigh agaibhse chor ar bith? … Tá an iomarca fuaraíochta san aer amuigh annsin, agus na daoine ro-dhoraerach! Tá míneadas agus mánlacht i muintir Árann nach bhfuil sna slóchtaithe!
Tháinic pucairí as Gaillimh annseo lá ingleóiteoig. Chaith siad an lá ag treabhadh leo ar fud an oileáin nó gur imigh siad aríst trathnóna. Casadh liom féin annsin thoir iad. Bhí bean ann agus bhuail sí bleid chainte orm fhéin go h-áirid. "'Bhfeiceann tú an dubhchosach a fuair mé adeir sí." "D'eireodh dhuit" arsa mise. "Tá sí in a snáth mara ar fud an oileáin seo. Is deas an ball í sin anois in do phárlús, ach bí san áirdeall uirre go maith, agus déan leabthachaí teó len a h-aghaidh, agus coinnigh sdriog uisce uirre … ". An bhfuil a fhios agad céard a bhí aice: geósadáin. Diabhal focal bréige atá mé a rá leat: geósadáin!