Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhchosach
/duxosəx/
cineál fáis atá sna scáiniúchaí sna huláin nó sna leacrachaí in Árainn. D'fheicfeá í i scoiltiúchaí agus gan tada ann ach an t-ulán corpanta. Bíonn airde mhaith inti. Loirgne caola dubha uirthi agus bileoigíní glasa míne eangacha. Níl fás ar bith is séimhe ná is míne ná í. Níl sí i gConamara chor ar bith chomh fada le mo bharúil (maiden hair fern).
·
Tá tú ar loirg na dubhchosaí! 'Speánfaidh mise dhuit anois í … Ní hin í go háirid. Sin sceamhachaí fia. Tá sí anseo thíos sna huláin. Bíonn an-tóir ag na strainséaraí uirthi. Ardaíonn siad glac di leo i gcónaí nuair a bhíos siad anseo … An bhfeiceann tú anois í? Sin í anois an dubhchosach. Cheal nach mbíonn sí amuigh agaibhse chor ar bith? … Tá an iomarca fuaraíochta san aer amuigh ansin, agus na daoine ródhoriarach! Tá míneadas agus mánlacht i muintir Árann nach bhfuil sna slóchtaithe!
Tháinig pucairí as Gaillimh anseo lá i ngleoiteoig. Chaith siad an lá ag treabhadh leo ar fud an oileáin nó gur imigh siad aríst tráthnóna. Casadh liom féin ansin thoir iad. Bhí bean ann agus bhuail sí bleid chainte orm fhéin go háirid. 'An bhfeiceann tú an dubhchosach a fuair mé,' adeir sí. 'D'éireodh dhuit,' arsa mise. 'Tá sí ina snáth mara ar fud an oileáin seo. Is deas an ball í sin anois in do pharlús, ach bí san airdeall uirthi go maith agus déan leabthachaí teo lena haghaidh agus coinnigh striog uisce uirthi …' An bhfuil a fhios agat céard a bhí aice: geosadáin. Diabhal focal bréige atá mé a rá leat: geosadáin!