Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dor
ainm-fhocal
fc. druid
faice, tada; aon-cheó; an smid féin; a dhath ariamh.
·
Níor dhúirt sé dor annsin
Dheamhan an dor féin adéarfas sé leatsa ná a leigfeas an faitíos dó a rá = ní abróidh sé "druid" leat

Dor in iontrálacha eile (1)

 
A dhranndailín dhona d'eireochainn in do phutógaí mara gcaithidh tú thart an chaint sin. Tá mé ag éisteacht leat 'chuile oíche ó tháinig an bhliain ag coireamhaint ar 'chuile dhuine, agus nach fearr an aghaidh ar aon-duine coireamhaint ná ort féin. M'anam-sa ná raibh ag an Diabhal go mbrisfinn do dhranndal ar a chéile má chloisim dor uait aríst anocht.