Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dur
ainmfhocal
fc. druid
faice, tada; aon cheo; an smid féin; a dhath ariamh.
·
Níor dhúirt sé dur ansin
Dheamhan an dur féin adéarfas sé leatsa ná a ligfeas an faitíos dó a rá — ní abróidh sé druid leat

dur in iontrálacha eile (1)

 
A dhrandailín dhona, d'éireoinn in do phutógaí mura gcaithe tú thart an chaint sin. Tá mé ag éisteacht leat chuile oíche ó tháinig an bhliain ag coiriúint ar chuile dhuine, agus nach fearr an oidhe ar aon duine coiriúint ná ort féin. M'anamsa ná raibh ag an diabhal go mbrisfinn do dhrandal ar a chéile má chloisim dur uait aríst anocht