Dá
—/dā/ ach /ᵹā/ go h-iondúil
—aidiacht uimhreach.
—Glacann sé fuirm an Uimhir Dhéi, mar a bhíos i gceist sna leabhra Gramadaí ach tá athruithe anonn agus anall ann. Chuirfí na mar alt roimhe amanntaí .i. "na dá bhróig"; "an bhfeiceann tú na dá shúil atá aige;" "cloigne na dá chapall", ach deirtear an freisin, agus b'fhéidir níos minicí.
—leanann tuiseal geiniúnach iolraidh an Uimhir Dhéi, agus focla den cúigeadh Díochlaonadh go h-áirid, gnáth-leagan na canúna .i. "trácht an dá cheárta" (Ní "an dá cheártain" mar níl "ceártain" san gcaint), "barr an dá bhalla" "méarachaí an dá láimh" (ach deirtear "an dá lámh" corr-uair) agus rl. Fágtar an t-aidiacht san uathaidh scaithtí .i. "an dá bhosca bheag sin".
1.
a.
+–
Tá tú idir dhá dhoras na gaoithe annsin = duine in a shuí agus an seoideadh ón dá dhoras air
Tá sé indon snámh idir dhá uisce
TUILLEADH (7) ▼
Níl rud ar bith is mire ná cut idir dhá theach
Tháinic mar a bheadh iomghaoth ann idir dhá cheach orainn agus bhuail rae roilleacán an churach ar an toirt
Tá sé ag mianadóireacht idir dhá leachta annsin thiar = ag iarraidh a bheith ag cur (fhataí nó eile) i dtalamh clochach
J. B. agus bean mhór bhog aige idir dhá thom shaileánaí annsin thuas = b'olc an dóigh d'fhear bean den tsórt sin nach mbeadh mórán déantús maitheasa innte, agus a bheadh mórthráthach, ar thalamh driseach saileánaí
Bíonn sé ag imeacht idir dhá thulán annsiúd mar a bheadh londubh ann = ag dul de léim ó thulán go chéile; fear sléibhe
D'imigh mise i gcoinne na mbeitheach agus cheangail mé san gcró iad, agus tháinic seisean idir dhá am = ó a chuaigh mise amach i gcoinne na mbeitheach nó go dtáinig mé isteach aríst
Níor mór don bhréim sin dhá uisce a bheith faoi: uisce anois agus uisce aríst = an t-uisce a bhaint uaidh nuair a bheadh sé faosctha agus uisce eile a chur faoi
+–
Tá an-fhiuchadh aige sin. Ní mór dhá fhiuchadh a bhaint as = a fhiuchadh faoi dhó
Tá dhá ionntú ag an gcarraigín sin = nuair a bheadh sé ar tuar, chaithfí a ionntú faoi dhó le go mbeadh sé sách tirm
TUILLEADH (4) ▼
Tá dhá leigean-amach ar an bhféar sin = ní mór a leigean amach faoi dhó
Beidh dhá dhéanamh air anois: do dhéanamh-sa agus an duine a chaithfeas a dhul air in do dhiaidh
Dhá ghlas caorach atá san gculaith sin (fc. glas)
Bíonn dhá shuathadh ar an muirtéal sin
+–
Deir siad go bhfuil an dá leath-pharáiste sin le cur in a chéile agus paráiste nua le déanamh asta
Tá an dá leath-bhaile seo buailte d'uireasa feamainne
TUILLEADH (13) ▼
Bhí an dá Sháile Uana uiliog ann = muintir an dá Sháile Uana; dhá bhaile agus Sáile Uana ar chaon cheann: Sáile Úana Thoir agus Sáile Uana Thiar
Tá an dá Árainn eile an-bheag = an dá oileán eile de na h-Árainneachaí (d'oileáin Árann)
Tháinig an soitheach mór isteach Sunda Ghríoghóra agus thug sí an dá Árainn aniar léithe = sheól sí aniar thar dhá oileán Árann
Tá an dá Bhanra folctha = an Banra Beag agus an Banra Mór; dhá charraig mhara
Cheap mé an dá bhóithrín a thabhairt liom — a dhul síos an bóithrín thiar agus aníos an bóithrín thoir — agus mara bhfaghainn ar an méid sin é, sneachta a chaitheamh ar a lorg
Ní raibh aon-fhear maith ariamh idir dhá abhainn = an abhainn thoir agus an abhainn thiar
Sé an rota seo anois idir dhá abhainn an áit is boichte in Éirinn
Ní fhágfaidh [sé] fear idir dhá dhroichead nach maróidh sé
An tsráid idir Dhá Dhroichead (fc. Droichead)
Tá h-ocht dteach agus dá fhichead idir dhá Chuigéal
Tá an dá bhealach ann: an Daingean agus an Ceann = d'fhéadfadh bádóirí a dhul go Rosmuc tímpeall Cheann Gólaim, nó suas an Daingean; tá dhá chaoi le rud a dhéanamh agus rl.
Bhí an dá Phádraig annseo anocht = beirt agus Pádraig ar chaon duine aca
Tá an dá mháistir scoile pósta anois
·
Tá mé idir dhá mhac Uilliam (/wakəʟ′īəm/) = idir leic agus losad; idir ord agus inneóin; i ladhar an chasúir; a bheith i dteannta (deirtear "idir dhá bhata Liam" freisin. Cuimne é, b'fhéidir ar chogaí MhacUilliam Uachtair agus Íochtair)
+–
Teanam an dá chailleach agus gan aon-chailleach ag tiacht = duine a bheith ag iarraidh freastal de dhá rud in éindí agus gan aon-déanamh ar cheachtar acu, nuair nach mbeadh sé indon a dhúracht a chaitheamh le ceachtar aca
Tá sé ag iarraidh a bheith ag freastal do thalamh agus é leath na gcuarta imithe ag cruinneál an rud eile sin. Sin é teanam an dá chailleach agus gan aon-chailleach ag tíacht. Ach sén chaoi a mbeidh sé as a dheireadh, ní bheidh Mrucha ná Mánas aige
TUILLEADH (1) ▼
Níl Gaeilge ná Béarla ag an dream óg sin an taobh suas anois. Sé teanam an dá chailleach é agus gan aon-chailleach ag tiacht
+–
Chuala mé fothromán mar a bhuailfí dhá chlár an domhain faoi chéile = fothramán gártha
Ní bheidh aon-lá suaimnis aige lena shaol aríst má phósann sé a h-inín sin. Beidh sí rithte siar aige i gcomhnaí idir dhá shíon lena bhánú = chuile fháfall nó chuile dheis dhá bhfuighidh sí, beidh sí go dtí é dhá shladadh
TUILLEADH (2) ▼
Lá idir dhá shíon é
Is beag atá idir dhá scéal aige sin = tá sé luath-intinneach, teagann malrait intinne dhó an-éascaidh; tugann sé áthas ar bhrón, nó an bharúil seo ar an mbarúil siúd go rí-sciobtha
b.
+–
Tá dhá intinn ag an nG. = dhá chineál tréartha nach bhfuil aon-chosúlacht aca le chéile; dual personality
Tá an dá bhealach leis sin = tá sé cneasta agus cam; tá sé le dhá dhream poilitíochta san am céanna; nó a leithide ba leat uiliog é, ach bheadh sé amhlaidh le do dhearg-námhaid freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé idir dhá chomhairle
+–
Bhí sé ar nós gasúr a dtiocfadh dhá chroí dhó nuair a d'fhágfaí ó'n scoil é = tháinig an-riméad air
Tháinic dhá chroí dhom nuair a chuala mé ag caint thú = luthgháire
TUILLEADH (3) ▼
Sin é féin fear an dá chroí = slíomadóir; bhréagfadh sé thú agus d'imreódh sé ort
Seachnaíodh duine an té a bhfuil an dá chroí aige. Liomsa agus leatsa agus liomsa aríst, mar adeir an ceánn eile
Ná tabhair aon-áird ar fhear an dá chroí. Cuirfidh sé an chluain ort agus fágfaidh sé annsin thú.
c.
+–
Tá mo dhá ordóig briste (baill mar seo a bhfuil péire díobh ann deirtear dá]] leo go h-iondúil ach níl an rial cho géar agus atá sí san mBreathnais le baill na colna)
Bhí an dá shúil ag dul amach thar a cheann le scéin (le dúil san mbeatha; ag breathnú orm agus rl.)
TUILLEADH (14) ▼
Tá mo dhá chois seacáilte
Níl an dá chluais go dona agam, ach leath-chluais
Is maith an fear é sin ar dhá mhaide rámha déarfá!
Tá mo dhá sháil amuigh thrí mo bhróga
"Dhá chluais choinín i dtuimín fhéarach" (as rann páiste)
Shílfeá gur dhá leath-deireadh cuit atá air!
Tá dhá spreanguide de dhá chois air agus iad cho scaptha agus go bhfuil ceann aca is chaon leath-bhaile den dá leath-bhaile
Tá dhá leiceann (dhá phluic, dhá ghruaidh agus rl.) cho beathuithe air!
Is geall le smutáin an dá ghéig láimhe atá air, bail ó Dhia agus ó Mhuire air
Dar príosta tá dhá mhása feóla uirre ar chaoi ar bith!
Tá siad ag tuíodóireacht anois ar dhá leathchaoin an tighe
Níl ionnta ach dhá leath-bhróig = ní h-iad an péire céanna bróg iad, cé go mb'fhéidir gurb iad bróga a chéile iad
Dhá leathchois atá air = duine a mbeadh marach eicínt ar a chosa, mar dhóigh dhe nach raibh an dhá chois feilteach dhá chéile
Chaith mé dhá leath-ráithe ann — leath-ráithe anuiridh agus leath-ráithe arú anuraidh
d.
+–
Dhá uair (faoi dhó), dhá scór nó dhá fhichead; dhá chéad; dhá mhíle; dhá mhilliún; dhá dtrian agus rl.
Bhí sé dhá uair annseo
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé dhá uair cho mór leis
Bhí dhá dhuine dhéag ann (dhá dhuine fhichead dhá dhuine agus fiche, dhá dhuine dhéag agus fiche, dhá dhuine agus dhá fhichead nó beirt agus dá fhichead, dhá dhuine dhéag agus trí fichid, dhá phunt agus cheithre fichid agus rl)
Bhí dhá chaora dhéag agus dhá scór aige
Tá dó agus pínn agam (2s. 1d) (dó agus dhá phínn … leathchoróin … dó agus aon-phighinn déag)
Thug mé dó agus dhá fhichead air (£2 2s) (Trí agus dá fhichead, deich agus dá fhichead, dó dhéag agus dá fhichead, … seacht déag agus dá fhichead agus rl.)
+–
Tá a dhá aoirde ann
Tá mo dhá mhéad-sa ann
TUILLEADH (8) ▼
Tá bóthar na G. a dhá fhad
Tá a dhá oiread sin annseo
Tá mo dhá théagar-sa san mbean sin = tá an bhean sin mo dhá théagar-sa
Níor mhór dhuit a dhá leithead sin
Ara, cén 'is goire é do Gh. ná S." Tá sé a dhá ghoireacht, ar a laghad ar bith
Tá sé deacair go leór cailín ar bith a fháil ach tá a dhá dheacracht cailín ar fónamh a fháil
Tá an ceann (rothar) sin agad sciobtha go maith, ach tá sé seo a dhá éascaíocht. Cuirfidh mé geall leat
Níorbh fhuláir duit maide a fháil a bheadh a dhá spreacadh sin. Is beag an baol air sin a choinneál
e.
+–
Déan dhá leith dhe = dhá chuid chomh mhóra
Tá mo chloigeann in a dhá leith le tinneas cinn
TUILLEADH (4) ▼
Tá an baile in a dhá leith anois = é in a dhá dhream agus iad in aghaidh a chéile
Déan dhá leith den cháca
Ní fhéadfaidh duine dhá leith a dhéanamh dhe fhéin. Ba deacair domsa a bheith in éadan féir agus indiaidh beitheach = ní fhéadfaidh an gobadán an dá thráigh a fhreastal
Cén chaoi a bhféadfaidh mise a dhul ann mara ndéana mé dhá leith dhíom féin? Nach bhfeiceann [tú] nach bhfuil aon-ghoir agam corraí as seo
2.
+–
An dá lá is beó mise aríst ní fheicfidh tú annseo mé (an dá lá agus a bhéas mé beo, an dá lá agus an fhad agus a mhairfead) = choichín
Níor bhain sé dhá fhata = níor bhain sé ach glaicín bheag
TUILLEADH (18) ▼
Níor chuir sé dhá spreab le seachtain = is beag a chuir sé
Ní dheachaidh mé dhá choisméig nó go bhfaca mé rómham é = achar ar bith
Ní bheidh mé dhá mheandar amuigh
Níor dhúirt sé dhá fhocal cainte ar feadh na h-oiche
Níor ith mé dhá ghreim le seachtain = ba bheag a d'ith mé
Níor chodail mé dhá néal aréir
Ní fhaca mé an fear céanna dhá uair ariamh = ní minic a chonnaic mé é
Ól dhá bhlogam tae = braoinín
Ith dhá ghreim
Cuir dhá iomaire fataí = beagán
Níl dhá fhód móna bainte aige
Níor thug sé dhá lá ar fhónamh uaidh ó tháinig an bhliain
Ní thiúrfainn dhá thufóig air = duine nach mbeadh aon-mheas agad ar a ghníomh nó ar a thréartha
Níl díol dhá luichín curta aige (d'fhataí, d'arúr agus rl.)
Níl dóthain dhá chearc de choirce aige
Dhúin sé a dhá dhorna le mé a bhualadh
Rinne sé de dhá léim é = an-sciobtha; mear
Dheamhan dhá chor go raibh sé déanta aige = dhá mheandar
+–
Tá dhá dtrian sainte acu = is beag eile atá ann ach saint; saint ar fad é; tá an oiread sainte ann agus nach bhfuil áit ag cáilíocht ar bith eile ann
Tá dhá dtrian uilc ann
TUILLEADH (1) ▼
"Dhá dtrian cainte ag lucht póite"
Dá in iontrálacha eile (50+)
+
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh mé ceann-fhearainn annseo. Leigfidh mé na giotaí suas go huachtar ingreamús dhá chéile. Béarfaidh na cupla cúilín ar a chéile annsin thall ag an gcloich
+
→
faiteach
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé ro-fhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní leigfeadh an faitíos dó a rá nar mharaigh
TUILLEADH (2) ▼
Bhíodh muid an-fhaiteach fadó. Dhá bhfeiceadh muid póilí ná sagart ag teacht ghabhfadh muid thar claidhe nó go dteighdís tharainn. Tá teanntás thairis sin sna daoine anois
Airíonn an girria sin nach bhfuil aon-chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na h-Iothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaol annsin gan mórán achair muis má mhairimse.
+
→
faitíos
Diabhal pléidh a bhéas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Feacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseall ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (10) ▼
Fainic a mbeadh aon-fhaitíos ag an gcapall sin roimh an "steam-roller". Mara bhfaca sí ariamh í, b'fhearr dhuit duine eile a thabhairt leat dhá cinnireacht thairti
Bhí an fear thiar dhá chaidhleadh le clocha. Dheamhan d'fhaitíos a bhí air (aige) roimhe in a dhiaidh sin!
Ag iarraidh faitiais a chuir orm a bhí sé ach níor chuir sé faitíos ar bith ormsa, ná ní chuirfeadh dá mbeadh sé ag scillige cainte ó shoin
Cén fáth ar imigh sé? Faitíos dhá bhualadh (faitíos a theacht air). 'Deile?
Ní leigfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó a thuitfeadh oíche dhá bhfádh sé Éire bronnta air
Is beag a fhaitíos ort a dhul dhá dhéanamh sin aríst, agus an liúradh a fuair tú cheana faoi
Is mór m'fhaitíos nach bhfuil an ceart agad. Dhá mbeadh, bhí againn
Cuir an sceach san mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin, agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpuinnte. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claidhe thoir agus a dhul san iothlainn!
Ná fág an t-airgead sin annsin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air ingan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
Cuir géibheann ceart air faitíos na timpiste. Tá na hasail sin mallaithe. D'imeóidís uait as comhair do dhá shúl
→
faoisc
Ní mór dhuit dhá fhaoscadh féin a bhaint asta sin. Tá siad do-bhruithe go leor. Níl a fhios agam cén sórt fataí chor ar bith iad. Mara bhfagha siad bruth thar cionn, bíonn rológaí istigh ionta mar a bheadh i gcáca
+
→
fara
Níl aon-deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mara ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh aca fadó sna sean-phúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
TUILLEADH (2) ▼
Diabhal maith sna bróga sin níos mó. Caith ar an bhfara iad. Beidh duine ar bith thart muise cheal bróg a ghabhfas dhá gcur sin air fhéin
M'anam muise gur beag an baol atá orm na stocaí sin a chaitheamh ar an bhfara. An fhad agus a sheasfas siad, fónfaidh siad, mar adeir an ceann eile. Dhá dteigheadh bean mhaith in a n-éadan ba bheag an stró uirre péire nua a dhéanamh dhíob aríst
+
Dúirt mé leis an táilliúr dhá mbeadh aon-cheo d'earasbár aige as ábhar na culaith é fhéin dhá choinneál
TUILLEADH (9) ▼
Ní fear an-láidir mar sin é T. Dheamhan a fhios agam a bhfuil earasbar (nirt) ar bith aige ar J. annseo thiar. Chuirfinn mo rogha geall dhá n-ionnsaíodh sé J. nach mbeadh a dhath le reic aige
Is caillte an aimsir í, ní ag ceasacht ar Dhia é. 'Chuile lá ag baint earasbár dá chéile = is measa gach lá dhá dteagann ná aon-lá roimhe sin
Níl aon-mhaith dhuitse a bheith ag caint ar sraith. Is measa an aimsir anois ná fadó. Nach bhfeiceann tú chuile bliain dhá bhfuil ag teacht go bhfuil sí ag baint fearasbár dhá chéile
Is diabhlaí deannachtach na ráigeannaí a bhí ann le dhá lá, agus chuile ráig aca ag baint fearasbár dhá chéile. Sin é anois é. Tá sé in am aice leigean fúithi dhá mba é toil Dé é
Ní bheadh a fhios agad cé is fhearr ná is measa den bhrotuinn sin. Gach uile dhuine aca ag baint fearasbár dhá chéile. Agus 'ar ndó' cár fhága tú an t-athair!
Ná bain roghain ná díogha as an dream sin. Níl ann ach gach uile dhuine aca ag baint earasbár dhá chéile. Nach fíor dhom é?
Níl garraí ag gabhail leis nach ag baint fearasbár donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna annsin thiar aige, agus nach mbeadh sé ionrásta agad a siúl, tá sí cho hachrannach sin. Is beag nachar bascadh mé an lá faoi dheireadh inte, agus mé ag briseadh treasna go dtí an bóithrín thiar.
Cho fada agus is léar domsa é, sén chaoi a bhfuil gach dream aca ag baint earasbár donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feicthear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach sén deá-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
Ní leigfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbar ar an ngnaoithiúlacht
+
→
feadhain
Níl aon-fhear ar an bhfeáin aca is droch-mhúinte ná Pádraig dhá dteighthí san gceann sin leis. Tá nimh craite air sin. Níor mhaith dhuit ruibh oilc a fheiceál air. Teagann cúr len a bhéal
TUILLEADH (1) ▼
Sé T. an té is measa liom ar an bhfeáin aca. Sé agus dhá mbeadh an oiread eile ann. Tá an croí mór aige. Dheamhan fear ariamh a rug ar scilling is lú scruball inte ná é
+
Sin feánach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? "Is gradha an saol é! Is gradha muis", adeir sé. "Cuimnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa, de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maoidheachtáil leo a dhul ann, agus mara dteighe, dar fia is cam a bhreathnós siad orra lár na mháireach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is gradha an saol e! Is gradha sin!
TUILLEADH (3) ▼
Tabhair anuas feánach uisce agam. Tá íota orm indiaidh an éisc sin. Dá mbeinn d'uireasa annlainn le mo ló, ní íosfaidh mé aríst cho goirt sin é
Bhí feánach mór "meaingiols" san gcarr ag teacht aniar aige, hébrí cá bhfuair sé iad. Tá "meaingiols" sna bólaí sin siar chreidim. Ní bhíonn siad dhá bhfuireasa aon-uair
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
+
→
feanc
Chaith mé an lá ag dul di le gró (do chloich), ach dhá naomhtaí mé, ní fhéadfainn feanc a bhaint aisti. Dar príosta, ní bhainfinn
TUILLEADH (1) ▼
Bhí cloch annsin thíos ag ceann an bhóthar, a mbíodh fir láidre dhá bhféachaint féin léithe. Ní bhainfeadh R. feanc aisti, ach thugadh T. gaoth di gan stró ar bith. Ba ghearr air é
+
→
fearacht
Ní hé m'fhearacht-sa a rinne sé; gan tréas ar bith a chur ar fhear na móna. Dhá dtapaínnse mo ghnatha mar a rinne seisean agus gairm chúirte a chur ar fhear an leóraí, gheobhainn mo chuid airgid freisin. Ach níor thapaíos
TUILLEADH (11) ▼
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
Níl sí fearacht ná mná seo thoir ag imeacht ag solár, agus ag tárlú léithi as 'chuile áit dhá bhfuighidh sí é. Bean chuibhiúil í
Dhá mbeadh sé fearacht an drad atá agamsa nach féidir liom aon-cheo a changailt leis, mara mbeidh sé cho mion le snaoisín! Sé a bhfuil agadsa fiacail fhabhtach amháin.
Bíonn slí agus seifte ag an muinntir sin soir chuile lá dhá n-eiríonn ar a súil, ní hé a fhearacht sin againne é
Dhá ndéanadh sé fearacht an rud a rinne sé cheana (fearacht mar rinne sé cheana; fearacht cheana; fearacht an uair cheana), is mór a thiúrfadh a mbeannacht dó. Rinne sé an grádh-diadha an uair sin ar chaoi ar bith
Dhearg sé suas a fhearacht 's (fearacht's) dá mbeadh olc air = fearacht agus; ar nós agus dhá mbeadh olc air
Chuaigh sé amach go doras fearacht's dhá mbeadh rún aige a bhualadh, ach d'fhill sé aríst
Tá sé ag tarraint chloch le seachtain, fearacht's dhá mbeadh rún aige cró eile a dhéanamh annsiúd
Chlaon sé aríst, fearacht's dhá mba faitíos a bhuailfeadh é
Tá sé gabhtha gléasta, fearacht's dhá mba duine uasal é
Bhí a shúile dúinte aige a fhearacht's dhá mba 'na chodladh a bheadh sé, ach ba bheag dhá chuid cluanaíocht é sin, mo léan