Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dántaireacht
ainm-fhocal buineann
gabhail fhuinn i gcuideacht go h-áirid i séipéil, i dteampaill, agus in a leithidí eile.
+
"Ag éisteacht le dántaireacht ministéaraí gallda" (as "Malaí Ní Mhaoileoin")
Sin é an uair a mbíodh an dántaireacht sa teampall seo thoir. Chloisfeá go réidh socair ag C. na gC. iad 'chuile uair dhá mbíodh "prayers" aca ann
TUILLEADH (1) ▼
An raibh siad ag dántaireacht ag an Aifreann indiu? Má tá féin níl aon-ghoir aca ar an dream atá sa teach pobail thiar. Tá an-ghuth ag an dream thiar