Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dántaireacht
ainmfhocal, baineann
gabháil fhoinn i gcuideacht, go háirid i séipéil, i dteampaill, agus ina leithidí eile.
+
"Ag éisteacht le dántaireacht ministéaraí gallda" (as Malaí Ní Mhaoileoin)
Sin é an uair a mbíodh an dántaireacht sa teampall seo thoir. Chloisfeá go réidh socair ag C. na gC. iad chuile uair dhá mbíodh prayers acu ann
TUILLEADH (1) ▼
An raibh siad ag dántaireacht ag an aifreann inniu? Má tá féin níl aon ghair acu ar an dream atá sa teach pobail thiar. Tá an-ghuth ag an dream thiar