Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dáta
ainm-fhocal, fireann
iolraidh = dátaí
am, lá, seachtain, nó mí agus rl. áirid; am sonnruighthe.
+
Cé'n dáta é indiu?; cé'n dáta é an lá indiu? = cé'n lá de'n mhí é?
Cé'n dáta a bhí ar an leitir
TUILLEADH (9) ▼
An bhfuil a fhios agad dáta do bheirthe
An-fhear dátaí é. Tá siad aige i leabhar
Is fada an dáta ó a bhí an rud sin amhlaidh = is fadó an lá
Caithfear an cíos a íoc ar an dáta = ar an lá cáirde
Sin é ar thug sé de dháta dhom len a íoc. = cáirde, áirleacan
Cuir dáta air, le é a bheith déanta aige, agus mar mbeidh sé déanta aige an lá sin, ná tabhair aon-phighinn dó
Tá an t-airgead acraí thar dáta cheana féin. Is gearr go dteagaidh "nútice" eile
Tá an rud sin as dáta anois = as faisean; ní hé an gnás é níos mó
D'íoc tú roimh an dáta é, nachar íoc

Féach freisin

Dáta in iontrálacha eile (1)

 
Níl a fhios agam cé'n uair ar scríobhadh í, mar níl sí dátáilte chor ar bith. Sin é annsin an dáta ar cuireadh i bposta í. 'Bhfeiceann tú stampa an phosta annsin