Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Déan as
·
Tá mé ag brath ar gharrdha a dhéanamh as an lochán sin
Féadfaidh tú múirín a dhéanamh as an smúdar sin
·
Déanfaidh sé brabach asta nó is cinneamhaint air é

Féach freisin

as

Déan as in iontrálacha eile (50+)

 
As faitíos a rinne sé é = de bharr faitiais
 
Ní bheidh T. fearacht Mh. ag imeacht ag sceidínteacht leis an rud. Déanfaidh sé as láimh é, déanfaidh sin
 
Rinne sí cheithre leith den cháca, agus thug sí dóibh é: fearann an duine. Níor bhain sí fhéin oiread agus an bhearna bhruite as. Dheamhan é muis. Ba mhór an truaighe iad ar aon-chor: lucht bóthair agus bealaigh
 
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. "Ní fré chéile a chacfas sí seo" adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. "Fan go bhfeice sib mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirre". Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aice!
 
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
 
Tá sé cho giorraisc len a bhfaca tú ariamh. Chreidim dheamhan neart aige air. Bhí sé ag obair in éindigh linne, nó gur buaileadh síos é. An tinneas a rinne cho freochanta é sílim (cantalach, mí-fhoighdeach). Tá sé as a shlainte
 
Ní fhaca tú aonduine ariamh ba fágha a bhí an oíche sin ná mise. Bhí mé amuigh i lár an chriathraigh bháite, an oíche cho dubh le pic, agus mar bharr ar an dathúlacht an t-ocras ag teannadh liom. Shíl mé nach ndéanfainn eólas choíchin as.
 
Eirigh as an bhfánaíocht agus déan buille eicínt maitheasa, feasta choíchin. Ach níl fír na maitheasa ionad
 
Dá smuintighinn (smaointighinn) in am orm féin, ní dhéanfainn ceann ar aghaidh chor a' bith, ach d'fhanfainn go sroichfeadh an chantaireacht mé. Annsin, b'fhéidir go dtuitfeadh liom abhras eicínt a bhaint as a' gcainnt.
 
Chuaidh fear thart annseo an bhliadhain cheana, a's é gléasta mar bheadh tinncéara ann. Ar a chaomhamhaint a bhí sé ingeall ar bhean bhocht eicínt a rubáil a's a mharbhú, thart síos. Dheamhan duine beo, nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheire, a's cuireadh príosúntacht le na ló air. Má cuireadh fhéin ba mhaith an aghaidh sin air, ná ar aon-duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
 
ceal 1
Níor thug sé dhomsa ach an méid sin de leide, a's déan do rogha ceal di thú fhéin. Ní fhéadaimse mórán abhrais a bhaint as a' scéal ar aon-chor. = bain thusa do rogha abhrais as.
 
Marach an sórt cinnire a bhí orainn an oidhche sin, dhéanfadh muid cat as dá rioball. Dar m'fhocal duit, dheamhan fear ar a' bhfeadhain de'n dáréag Black and Tans a bhí ann a changlóchadh aon-fhata le na loiseag aríst. Ach sé'n uair a bhí siad sáinnighthe aghainn a fuagruigheadh orainn imtheacht a's gan drannadh leo(b).
 
cleite
Nach bocht nach mbeadh sé a' déanamh gaisce as na Céidigh, a's gurb iad an cleite is fhearr in a sciathán fhéin iad.
 
Nach hí an eorna a bhíos cuiltheach, coilgneach thar a' gcoirce. Is suarach a' t-iongnadh gur aisti a déantar an braon broghach fhéin. = tá coirce, mín seachas eorna. Ní iongantas a' bith gur as eorna a déantar poitín (an braon-broghach = tús a' phota, na 'féins'. Tá sé láidir a's borb thar a' gcuid eile. Deir siad gur nimh é).
 
Ní raibh rith searraigh fhéin le déanamh aige, ó dhúisigh muid é, go raibh sé 'sa gcoinicéar, a's badh é ar ndubhshlán é 'chur aisti sin.
 
Rinne sé fhéin an choirpéis, ach b'éigean dó a dhul i gcostas leis a' gceann. Siúinéara aniar as G. a bhí aige le na chur suas.
 
Níl aon-cheo dhá ndéanann duine as bealach i ngan-fhios ná i gcoimhfhios nach bhfuil scríobhtha síos annsiúd ar leabhar a' chunntais, a's dubhshlán aon-duine dallach dubh a chuir (a chur) ar Dhia. Siúd í an chúirt nach nglacfa na bréaga, a mhic ó.
 
Tá sé corradh ar leath-chéad míle as seo do'n Ch. a's shiubhail mo shean-mháthair chuile mhíle coisméig dhe, in a cosa buinn! Siar go gceaduigheadh sí cailleach luibheannaí a chuaidh sí. Is beag a dhéanfadh anois é. Dheamhan aonduine!
+
Ní bhaineann sé fada ná gearr as éadach go ndéanann sé ceaithréabachaí dó.
TUILLEADH (1) ▼
Breagh nach ngearrann tú an cáca as a éadan, a's gan a bheith a' déanamh cithréabachaí mar sin di? Cé íosfas an mionudhach sin do dhiaidh?
 
bannaí 1
Tá bannuidhe dhá bhliadhain [air], a's má dhéanann sé aon-cheo as a' mbealach ar a' bhfad sin, tiocfa sé daor air.
+
Níl le déanamh, ach fanacht as a bhealach, go leige sé faoi aríst.
TUILLEADH (4) ▼
Má bhain sé punt dhíot, 'scáth a ndearna sé dhuit, bhí sé go mór as bealach leat.
Tá tú as bealach leis a' mbó. Iarr deich bpunt, a's b'fhéidir go ndéanfainn tairiscint eicínt annsin, ach má sheasann tú ar an airgead sin, is leat fhéin í, go ceann scatha(imh) eile. (margadh dhá dhéanamh ar aonach).
Dhá fheabhas é leis a' bpeann, bhí sé leithphighinn as bealach in a dheidh sin. Fuair sé leithpighinn le cois ann, nuair a rinne sé suas é in ath-uair.
Níl rath ná ríoghacht [leis] a' déanamh suas cunntais. Bíonn sé go leor as bealach igcomhnuidhe.
 
Is beag a' bhealthuidheacht atá ag a' tír, a's tá déanamh dá huireasbha aca(b). Ach nuair a bheidheas sclamhairí de pheataí ann, is mian leo(b) bealthuidheacht a bhaint amach as do chreatlaigh. Ach deirimse leatsa, go mbainfear as a' gcleachta sib feasta. Tá feoil ro-dhaor anois, lé í 'choinneál libse.
 
beanna
Shíl mé dheamhan mo bheanna a thiubhrainn liom go deo saor slán as. Bhí an teach in a bhruidhin chaorthann, a's 'chuile dhuine sa mullach orm péin, nach ndearna tada.
+
beart
Níl beart a' bith ab fhearr a dhéanfadh do leitheid-sa anois, idtús do shaoghail a's do mhaitheasa, ná gearr-chaile mná a fhághail, a's pósadh as láimh. B'fhearr dhuit go mór é, ná 'bheith dhá chuir ar a' méir is fuide.
TUILLEADH (1) ▼
Is baramhail a' beart a d'fhiach (d'fhéach) sé a chuir 'na shuidhe, leis an uncail a dhíbirt as a' teach. Ní bhíodh iabh air chuil' oidhche, ach a' toirnéis, a's a' déanamh troimpléisc ar fud a' tighe, nuair a bíodh an t-uncail in a chodladh — ar dhóigh dhe, go raibh an teach sídheamhail! Ach (dh)ar ndó(igh), bhí fhios ag a' gceann eile go maith, céard a bhí dhá dhéanamh.
 
D'ágruigh Dia air é, faoi bheith 'déanamh créatúlacht' ar dhaoine bochta mar sin. Rinne sé do-ní ar fhéin as a dheire.
 
Níl fhios agadsa anois, le na h-iomrachaí sin a tharraingt amach as a n-íochtar. Fágtar crúbáin annsin, a's ní mó ná mé fhéin atá indon a dhéanta.
+
As na cuaibhtheachaí a thagas an múr. Chomh luath a's a bhío(nn)s an ráig sin caithte, déanann sé aittealla, go neartuighe an gála aríst.
TUILLEADH (1) ▼
Má thagann cuaibhtheach as calm, níl léigheamh a' bith uirre. Báthadh bád i gConamara, tá bliadhanta beaga ó shoin, a's bhí an lá ar áilleacht. Dream a bhí amuigh a' déanamh aeir, a's bhuail cuaibhtheach iad gan aireachtáil, a's d'ionntuigh sí an bád druim ar ais. Nar ba luaghaidire an trócaire ar Dhia, dheamhan ar fágadh sa gcomhaireamh ceann aca(b), ach duine.
 
Ní bhuachfa (bhuaidhfe) aon-duine mórán ar a bhfuil de choirce inGarrdha an Fhóidín, imbliadhna arae tá curásach déanta aige as cnáimh-éadain.
 
beo 1
Ní beo é gan a bheith a' déanamh rud eicínt as bealach; ní bheadh sé beo gan a bheith a' déanamh contráilteachta eicínt. (Is iondamhla an chéad leagan — "ní beo é")
 
biorach 2
'Sé 'bhfuil le déanamh agad leis, biorach a bhualadh air, go n-eirighe sé as an bhfaisean sin.
+
bocht 1
Rinne siad créatúlacht ar a' duine, chomh uain's fuair siad a chead, ach d'eirigh an duine bocht in a mullach fhéin as deire na cúise (na tighearnaí talmhana).
TUILLEADH (1) ▼
Sé'n tsiocair a bhí agham, idtosach, mé a' bheith 'biorrú claidhe ar gharrdha na bplanndaí annsin thiar, a's thuit spala ar ucht mo choise. D'fhan mar sin, go cheann cupla lá, a's rinne sí bracha. Dhá shileadh a leig mé aisti, ó shoin, ach is bocht a' bhail atá uirre fós.
 
borr
Ní dhéanfadh sé tada as bealach, marach na buachaillí báire atá d'aon-cheird a' borradh leis.
 
Níl aon-iongantas, ná nar bhreoidh an chruach sin as éadan, a's chomh tais a's bhí sí, nuair a rinneadh í. Is beag nach bhfáiscfeá í, bhí sí chomh fliuch sin.
 
breá
Sin a thomhais ort, céard a rinne an Curraoineach breagh aréir, ach a' tobac a bhaint as mo phíopa, a's é 'líonadh suas le smúdar móna a's súighe, ach gur chuir sé ruainnín beag tobac ar a bharr, le faitchíos go mbrathfainn tada.
+
bruach
Má tá sé ar bhruach na h-uaighe, is maith griodánta an glór atá aige fós. Chuala mé aniar as a' seomra indé é, a' fuagairt orra(b) na claidhtheachaí imbarr a' bhaile a bhiorrú a bhí sé. Sin é an buachaill a bhfuil an saoghal a' déanamh an imnidhe dhó fós!
TUILLEADH (1) ▼
Rinne an fheoil fínniú idtosach, a's lobh sí ar fad annsin. D'eirigh bruachannaí timcheall ar a' ngiodán a raibh an dochar ann, a's chuaidh sé in óthras. Shíl mé nach gcneasóchad sé chor a' bith, bhain sé an fhad sin asam.
 
brád
Nuair a chonnaic mé an brád báistighe sin, shíl mé go ndéanfadh sé lá as éadan de.
 
aer
Tá sé an-dúinte imbun an aeir thiar. Níl 'trust' a' bith agam as, nach lá sa gclaidhe dhéanfadh sé = tá'n t-aer thiar ar fad plúchta, agus 'sé mo bharamhail go ndéanfa sé lá báistighe go faoithin dhe.
 
agair
D'ágru(igh) Dia as a dheire air, an chréatúlacht a rinne sé ar dhaoine bochta.
 
aicis
Rinne sé as aicís é; as aicís a rinne sé é = neart aicíse a thug dó é a dhéanamh
+
Ná déan iomarca teanntáis air, nó's in aithmhéala a bheidheas tú as a dheire.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh breith ar a n-aithmhéala ag na daoine, is beag a dhéanfaidís (a dhéanfaidhe) as a' mbealach.