Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Déin
is an leagan faoi dhéint (/fī i̯ɛ̄ɴ′t//fī ɛ̄ɴ′t/)
faoi chomhair; i gcoinne; le castáil do …
a.
+
Gabh siar faoi dhéint Mháire = gabh go dtí an áit a bhfuil sí agus tabhair leat abhaile í (cialluigheann sé sin go minic, ach ní bheadh call a dhul an bealach ar fad scaithtí. Samhluightear go mbeadh an duine ag déanamh ort, agus go gcasfaí dó thú ar phuinte eicínt idir dhá cheann an bhealaigh)
B'fhearr dhuit a dhul siar faoi na déint. Casfaidh sí leat faoi bhealach
TUILLEADH (3) ▼
Dhá mbeadh bicycle agam rachainn faoin a ndéint. Beidh siad agam aniar, ach mara mbeidh féin, ní mórán stró orm a dhul go teach
An ag teacht faoi mo dhéint a bhí tú? Ní mórán le go mb'fhiú dhuit é. Bhí mé ionann agus 'sa mbaile de t'fhuireasbhaidh. Ach tá mé buidheach dhuit mar sin féin.
Nuair a chonnaic sé ag teacht í, rith sé amach faoin a déint. Sin é an fear agad, atá mór len a bhean
b.
le h-aghaidh rud a fháil.
+
Ní dheachamuid faoi dhéint túirne ar bith = i gcoinne túirne ar bith
B'fhearr dhuit a dhul tigh J. faoi dhéint ceap dom.
TUILLEADH (4) ▼
Cuir an malrach sin soir faoi dhéint táirngí má's leat na bróga sin a dheasú.
Scaoil faoin a dhéint é má tá sé sásta a dhul ann
B'fhearr dhuit a dhul faoi dhéint an pháipéar nuaidheacht' dom?
Ná bac thusa le dhul faoi dhéint na mbeitheadhach anocht. Gabhfaidh mé féin ann