Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déin
sa leagan faoi dhéint /fī i̯ɛ̄ɴ′t//fī ɛ̄ɴ′t/
faoi chomhair; i gcoinne; le castáil do …
a.
+
Gabh siar faoi dhéint Mháire — gabh go dtí an áit a bhfuil sí agus tabhair leat abhaile í. Ciallaíonn sé sin go minic, ach ní bheadh call a dhul an bealach ar fad scaití. Samhlaítear go mbeadh an duine ag déanamh ort, agus go gcasfaí dó thú ar phointe eicínt idir dhá cheann an bhealaigh
B'fhearr dhuit a dhul siar faoina déint. Casfaidh sí leat faoi bhealach
TUILLEADH (3) ▼
Dhá mbeadh bicycle agam rachainn faoina ndéint. Beidh siad agam aniar, ach mura mbeidh féin, ní mórán stró orm a dhul go teach
An ag teacht faoi mo dhéint a bhí tú? Ní mórán le go mb'fhiú dhuit é. Bhí mé ionann is sa mbaile de t'uireasa. Ach tá mé buíoch dhuit mar sin féin
Nuair a chonaic sé ag teacht í, rith sé amach faoina déint. Sin é an fear agat, atá mór lena bhean
b.
le haghaidh rud a fháil.
+
Ní dheachaigh muid faoi dhéint tuirne ar bith — i gcoinne tuirne ar bith
B'fhearr dhuit a dhul tigh J. faoi dhéint ceap dom.
TUILLEADH (4) ▼
Cuir an malrach sin soir faoi dhéint tairní más leat na bróga sin a dheasú.
Scaoil faoina dhéint é má tá sé sásta a dhul ann
B'fhearr dhuit a dhul faoi dhéint an pháipéar nuaíochta dom
Ná bac thusa le dhul faoi dhéint na mbeathach anocht. Gabhfaidh mé féin ann