díshláinte
—
easbaidh slainte; gan a bheith folláin.
+–
Tá díshláinte uirre le fada
Is beag an díshláinte atá air ag goid mhóna nó an uair a bhéas snáth feamainne istigh
TUILLEADH (5) ▼
Tá díshláinte ar an duine bocht. Is fada an lá meath-thinn mar sin é. Níl aon-turas in Éirinn nach bhfuil tugtha aige — Mám Éan agus Cruach Phádraic agus an Cnoc — ach níl aon-mhaith ann
Sin í an cheird a chuir 'un díshlainte i dtosach é: ag imeacht mar sin de shiubhal oiche le cladaigh ag tóraidheacht raic. Deir siad, nach bhfuil an raic sonaidhe. Ní fhaca mé aon-fhorás ar aonduine ariamh a bheadh léithe ar aon-nós
Cá'id ó bhuail díshláinte é. Shílfeá gur fear luath láidir cruadh fáiscthe é. Ach ní bhíonn a fhios ag aon-dhuine cá luigheann an bhróig ar an gceann eile. 'Chuile dhuine agus a anshógh féin go bhfoiridh Dia orainn!
Tá díshlainte ag dul do'n fhear, agus shílfeá nach bhfuil tada le cois na sláinte ag na gasúir ach an oiread. Tá siad suaithte droch-bhreathnuigheach, agus sílim gur minic ag éagcaoineadh freisin iad
Duine ar bith a bhfuil díshlainte air, bhí aige aire a thabhairt dhó fhéin